Daoine daonna muid uile
Lá Domhanda na Meabhairshláinte á cheiliúradh

Tá aird á díriú ar cheist na meabhairshláinte timpeall na cruinne ar an lá seo inniu, 10 Deireadh Fómhair – Lá Domhanda na Meabhairshláinte.

Is é an aidhm atá aige feasacht a ardú ar cheisteanna a bhaineann le meabhairshláinte sa domhan mhór agus iarrachtaí nua a spreagadh i gcúram sláinte mheabhrach.

‘Garchabhair Shíceolaíoch’ is ea é téama na bliana agus baineann sé le cúram a chuirfear ar fáil i gcás géarchéime.

Mar a bheadh cóireáil garchabhair (first aid) ag teastáil ó dhuine a thit agus a bhris cnámh, tá cúram meabhairshláinte ag teastáil ón té atá ag fulaingt i gcás géarchéime.

Is mian leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, nó WHO (World Health Organisation), a chuir tús leis an lá feasachta in 1992, a chur in iúl dúinn go mbaineann imeachtaí géarchéime linn ar fad agus go mbíonn deiseanna againn i rith ár saoil freagra daonna, atá ina bhunphrionsabail den Gharchabhair Shíceolaíoch, a chur chun cinn.

Is beag áit ar domhan, mar shampla, atá slán ó thimpistí bóithre, tubaistí nádúrtha, foréigin, éigniú nó tinneas.

Bíonn tráma agus cailliúint bainteach leis na himeachtaí sin go minic.

Ar ndóigh, bíonn tráma agus cailliúint le brath ar scála mór i measc daoine i dtíortha atá buailte le cogaí.

I dtuairisc a d’fhoilsigh WHO, meastar go bhfuil 100 milliún duine anois ag maireachtáil in áiteanna ar fud an domhain a bhfuil cogaí nó caismirtí leanúnacha ag dul ar aghaidh.

Den chéad uair ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda, sháraigh líon na ndaoine atá díláithrithe ar domhan an 60 milliún.

60 + milliún díláithrithe: 100 milliún thíos le cogaidh.

Is deacair do dhaoine tuiscint a fháil ar an uafás taobh thiar de na staitisticí loma seo.

Is fíor go n-éiríonn leis na meáin comhbhá a mhúscail ionainn, uaireanta.

Cuimhnímis an t-aisfhreagra mór a tháinig tar éis gur scaipeadh pictiúir ar fud an domhain de chorp an leaid óig as an tSiria a tháinig i dtír sa Tuirc.

Ach formhór an ama, is furasta dúinn neamhaird a dhéanamh ar a bhfuil ag titim amach sa domhan.

lar

Le seachtain anuas, tá grúpa ban atá lorg tearmainn i Sasana á chur faoi agallamh ag Sorcha Nic Eochagáin, léiritheoir as Conamara atá ag obair le comhlacht teilifíse i Londain.

Ba chóir dúinn meabhrú, dar le Sorcha, ar an lá seo go háirithe, ar an teip atá á déanamh ar na mná ar labhair sí leo.

Is amhlaidh atá i gcás na dteifeach atá ag maireachtáil i gcampaí dar léi, agus i gcás na n-iarrthóirí tearmainn atá gafa sa chóras Soláthair Dhírigh (Direct Provision) leis na blianta in Éirinn.

“Caitear leo mar a bheadh cimí iontu agus déantar slad lá i ndiaidh lae ar a gcearta daonna.”

Tháinig na mná, atá lonnaithe i Manchain Sasana faoi láthair, as os cionn 20 tír ar fud an domhain agus a scéal uafásach féin ag an uile dhuine acu.

Labhair bean amháin léi a d’fhág a ceathrar páiste taobh thiar thiar agus í croí briste ó shin.

“Ba dheacair dúinn fiú a shamhlú cad é mar a bhí saol na máthar seo a rinne cinneadh a páistí a fhágáil, agus a thuig chomh maith gur beag an seans go bhfeicfeadh sí go deo arís iad.

“Caithfidh go raibh rudaí chomh holc sin ina tír féin gur bheartaigh sí an deis a thapú chun imeachta.”

Dúirt Sorcha gur ghabh bean amháin buíochas léi mar gur thug sí éisteacht dá scéal agus nár caitheamh léi mar a bheadh staitistic ann.

“Is daoine daonna iad mar mise agus tusa agus tá tacaíocht uathu, mar a bheadh ó aon duine sa chás chéanna.”