Is breá le gach duine graf deas, ach bímis airdeallach faoi na huaireadóirí cliste

Foilsíodh taighde a rinneadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le deireanas inar breathnaíodh ar an tionchar atá ag aipeanna aclaíochta ar ár meabhairshláinte, agus cosúil le chuile shórt sa saol seo, tá go leor den mhaith iontu ach tá siad in ann damáiste a dhéanamh dúinn chomh maith.

Seans maith go raibh tú féin i measc na milliún a chinn ar Lá Caille go mbeadh tú níos aclaí sa mbliain nua, nó go gcaillfeá beagáinín meáchain. Tá fáil anois ar uaireadóirí  cliste choinneoidh súil ar an méid aclaíochta a dhéanann muid, an bualadh atá déanta ag an gcroí, agus is féidir eolas faoin méid a itheann agus a ólann tú a chuir isteach san aip agus inseoidh dúinn cé mhéid calra atá ite agus dóite againn. 

Is breá linn figiúirí agus sonraí agus graf deas a thaispeánann an dul chun cinn atá déanta againn. 

Níl aon fhianaise mhór fós againn go leanann an chuid is mó againn leis an nós seo. Tar éis sé mhí nó mar sin, fanann an Fitbitar an taisceán in aice leis an leaba, stopann muid ag insint do MyFitnessPalfaoin méid atá ite againn, agus déanann muid dearmad an aip a mhúscailt sula dtéann muid amach ag siúl nó ar an rothar. 

Mar sin féin, má thugann sé léargas do dhuine faoin méid, nó easpa, aclaíochta atá siad a dhéanamh agus má théann siad amach faoin aer cúpla geábh in aghaidh na seachtaine dá bharr, is maith an rud é sin. 

Ach, léirigh an taighde a rinneadh sa staidéar thuasluaite, go bhfuil na haipeanna seo in ann brú intinne a chur ar dhuine, go háirithe más daoine iad a éiríonn ródhírithe ar rudaí, nó má tá neamhord itheacháin ag dul dóibh. 

Breathnaíodh sa staidéar seo ar bheagnach trí chéad rothaí a úsáideann an aip Strava, agus fuair siad amach go bhfuil go leor a úsáideann é le go mbeadh daoine á moladh. 

Chuirfeadh siad suas ar an aip nuair a bhí lá maith ar an rothar acu, agus thaitin sé leo ansin go mbeadh daoine ag tabhairt suntais dóibh. De réir an taighde seo, agus taighde eile mar é, tá seans ann go bhfuil níos mó baol ann go mbeadh caidreamh mí-shláintiúil ag na daoine céanna seo leis an aclaíocht. 

Níl tada nua anseo. Tá a fhios ag madraí an bhaile má thugann tú deis do dhaoine cuntas a choinneáil ar gach greim agus ar gach coiscéim, go beidh roinnt nach mbeidh sé seo an-mhaith dóibh. 

Tá fianaise anois againn go bhfuil sé níos deacra ar dhaoine le hanoireicse a theacht as mar gheall ar an méid atá ar a gcuid fón. Tá sé deacair é a sheachaint, agus ní hamháin sin, ach déanann siad normalú ar an gcineál seo iompair. 

Tá drochbhail curtha ag an ‘folláine’ orainn. Tá sé ar Instagram agus ar aipeanna atá íoslódáilte cheana féin nuair a cheannaítear muid fón nua. Cloiseann muid faoi dhaoine ag baint amach deich míle coiscéim in aghaidh an lae, an cineál seo aiste bia, an cineál siúd sin aiste bia, á sheachaint seo agus á ithe siúd, lá in aghaidh lae. Bhí uair ann gur mná ba mhó a d’fhulaing, ach tá sé ag cur as d’fhir anois chomh maith, agus do ghasúir. Sin rud gur cheart dúinn uilig a bheith cúramach faoi.