Is Cúis Mé…
Is Cúis Sinn Uile!

Bhí Edel Ní Bhraonáin i measc na ndaoine a raibh plaiceard #IsCúisMé in airde acu taobh amuigh de Theach Laighean an tseachtain seo caite agus iad ag léirsiú in aghaidh gearradh €12 mhilliún ó bhuiséad an stáit do chúram meabhairshláinte.

Pléann Edel go hionraic agus go hoscailte an tinneas a bhuail í mar a bheadh stróc ann.


Cad a dhéanann d’inchinn?

Cad is cúis le do cheann?

Bhfuil gá leis?

Bhfuil cúis leis?

N’fheadar.

Ní dócha é má éisteann tú le Leo Varadkar agus tromlach na ndaoine in Éirinn.

Cheapfá gur chuma faoi do cheann agus fút féin, i ndáiríre.

Níl ann ach an chuid sin de do chorp a rialaíonn an chuid eile!

Conas a bheadh tábhacht nó cumhacht leis?

mind

Anois cuirimis tús leis an scéal.

Bhíos ar saoire ar feadh seala. Saoire tinnis. Saoire, mar dhea!

Is cuimhin liom go maith a bheith as obair thart ar sé seachtaine ag an am nuair a cheap na saineolaithe, aka na dochtúirí sa roinn néareolaíochta agus mo dhochtúir féin, go raibh meiningíteas orm.

Cúpla bliain roimhe sin is stróc a shíleadar.

Agus samhlaigh. Bhíos ar bís nuair a dúradh sin liom!

Is dócha gur faoiseamh a bhí ann ar bhealach mar bhí cúis ann don phian a bhí á fulaingt agam: na spotaí dubha i mo shúile, easpa cumhachta i mo lámha, easpa cuimhne, easpa fuinnimh, easpa focal . . . easpa . . . agus bearna . . . agus eile . . .

Edel

Samhlaigh a bheith ar bís faoi meiningíteas nó stróc. Nach aisteach an íomhá úd?

B’fhéidir go gceapann sibh anois gur ag santú an tsaoil a bhíos, gur mé atá leithleasach nó sotalach fiú.

Bhuel, sin mar a bhíos, ar an drochuair.

Is deas liom a rá, áfach, nach raibh ann ach strus agus imní, nó anxiety.
(Ní dóigh liom gurb ionann imní na Gaeilge agus anxiety an Bhéarla i gcónaí, dála an scéil.)

Pé scéal é, is cuimhin liom a bheith ag tabhairt cuairt ar chara liom cúpla seachtain níos déanaí, agus mé fós ar “saoire tinnis”.

Thiomáin mé thart le hospidéal na leanaí i gCromghlinn agus do bhíos in éad le cailín beag le plástar mór dearg ar a láimh.

Ach tuigim i ndáiríre gur ormsa a bhí an t-ádh.

Arís, tuigim gur aisteach agus gur seafóideach an smaoineamh é.

Ach is deacair an rud é a bheith tinn agus breoite ar an taobh istigh, i d’intinn, nuair nach bhfuil an chuma sin ort.

Is deacair, agus ba dheacair, dom é a admháil an bhliain seo caite, go rabhas tinn, go raibh “saoire tinnis” lántuillte agam cé gur bhreathnaigh mé i gceart agus #sonassásta d’fhormhór na ndaoine a chonaic mé.

Ba dheacair dom a admháil, agus is deacair do mhóramh na ndaoine a thuiscint fós, nach codladh, sos agus piollaire leigheas gach tinnis (cé go gcreidim go gcabhraíonn an leaba nó tuilleadh codlata le nach mór gach aon rud.)

An rud atá á rá agam ná nach é tú féin a imeallú ón ngnáthshaol atá agat réiteach na faidhbe.

Is deacra seo ar fad fós nuair a bhíonn do shaol oibre agus do shaol sóisialta measctha roinnt mhaith.

Go minic agus daoine ag fulaingt le fadhbanna meabhairshláinte, cloistear:

“‘Nach bhfuil baol mór air?”

“Canathaobh go bhfuil seisean ag gearán?”

“Cén chúis imní atá aige siúd?”

“Nach méanar dó!”

“Nach bhfuil an saol i bhfad níos simplí agus éasca oraibh anois? Níos éasca ná mar a bhíodh?”

Bhuel, tá an t-ádh liomsa.

Tá cairde, clann, teaghlach, fostóirí, comhghleacaithe iontach álainn, tuisceanach agus cineálta agamsa.

Ní hamhlaidh an scéal ag na haon duine áfach!

Bhí mé tinn; beidh mé tinn. Beimid ar fad tinn ag pointe áirithe.

Táim sona sásta, beidh mé sona sásta, bímis sona sásta!

Ach is oth liom a admháil gur bréag atá i mo shonas, uaireanta. Tuigim anois go bhfuil sé sin ceart go leor.

Bíonn drochlaethanta againn ar fad, ach deinim iarracht a bheith dearfach fiú ar na laethanta úd.

Cuireann níos mó ná duine amháin in aghaidh an lae lámh ina bhás nó ina bás féin gach lá in Éirinn, agus os cionn milliún duine in aghaidh na bliana go domhanda.

Táim sásta a rá nach duine acu mise.

Agus b’fhéidir go gceapfá gur áibhéil atá i gceist, ach tá aithne againn ar fad ar an iomarca daoine atá ag streachailt lena sláinte, ar an iomarca daoine a thriail deireadh a chur lena saol agus ar i bhfad an iomarca ar éirigh leo.

Tá sé ionainn.

Nach mbraithimid ar fad gur mhaith linn an domhan a fheabhsú agus a shábháil?

Bhuel, éist liom. Ba mhaith liom a rá gur leor duine amháin a shábháil, agus gur fearr fós más tusa an duine úd.

Muna bhfuil tú i gceart, conas is féidir leat cabhrú le héinne eile?

Deirtear gur glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach is gile súile agus saol an duine eile.

Tabharaimis aire dá chéile agus dos na haon duine go mbuailimid leo, agus beimid ar fad níos fearr as!

#IsCúisMé

Is cúis sinn uile!


An Satharn beag seo, an 7ú Bealtaine, baileoidh daoine i mbailte beaga agus i gcathracha móra ar fud na tíre le chéile i ndorchadas na hoíche – ar 4.15in – d’imeacht bliantúil Pieta House, ‘Darkness into Light’.

Cuireann Pieta House tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt le dúlagar agus le teaghlaigh ar cailleadh duine muintire leo de dheasca an fhéinbháis.

darkness

Rithimis, siúlaimis, tabharaimis aire dá chéile!

Ciarraíoch mallaithe san ardchathair í Edel. Leanaigí í ar Twitter @bisonasasta