Saol folláin: An pictiúr mór
Ceisteanna breise le cur orainn féin...

Bhí Maya Angelou 84 nuair a chuaigh sí ar shlí na fírinne in 2014, agus luach ceart faighte aici ar a saol de réir gach cosúlachta.

Sheas sí le Malcom X agus le Martin Luther King Jnr, bhí sí mór le Oprah Winfrey.

Bhí clú uirthi as cóisir den scoth a reáchtáil ina teach chomh maith.

Ag an am céanna chaith sí a saol ag déileáil agus ag dul i ngleic le ciníochas, leithcheal i gcoinne na mban agus ionsaithe gnéis a tharla di agus í ina cailín.

Bhí mé ag léamh fríd leabhar dá cuid ar na mallaibh agus tháinig mé ar an dán ‘Health-Food Diner’ ina ndéanann Maya a bheag de mhuintir an bhia shláintiúil – daoine a itheann cácaí déanta as bachlóga, zucchini agus pónairí.

Is é an véarsa is fearr liom ón dán ná:

“Health-food folks around the world are thinned by anxious zeal / They look for help in seafood kelp (I count on breaded veal).”

Agus an ceart ar fad aici.

Bhí an bhean uasal Angelou, go ndéana Dia trócaire uirthi, i bhfad níos tógtha le babhla teolaí de stobhach Gaelach, madadh te, muiceoil agus an corr-thoitín a chaitheamh ná bia tirim sláinte a ithe.

Ní raibh am aici don chur i gcéill, don lagmheasarthacht no dá bheith díomhaoin ina cuid gníomhaíochtaí ná smaointe.

Is léir an méid céanna ina cuid filíochta, go háirithe an dán ‘Still I Rise’.

Sá lá atá inniú ann tá teacht ar bhia sláinte i ngach siopa, agus comhairle shláinte ag gach mac máthar dúinn maidir leis an dóigh is fearr le saol fada a bheith againn.

An cineál seo aclaíochta, an réim sin bia, an deoch nua draíochta siúd nó an guru is déanaí ba chóir a leanúint.

Ag caint go pearsanta, tá níos mó eagla orm go gcaithfidh mé mo shaol ag ithe ar nós coinín liom féin i gcúinne éigin, ag dul a luí go luath agus ag seachaint aon rud a chuireann as don stuamacht leanúnach.

Is é sin níor mhaith liom a bheith san uaigh le corp deas sláintiúil, gan pioc spraoi bainte agam as.

Níor mhaith liom go mbeadh an fear mór thuas staighre ag amharc síos a shrón orm ag rá:

“Thug mé an corp sin duit le go mbeifeá in ann sult a bhaint as an saol, agus chaith tú é ag ithe leitíse agus ag séanadh comhluadair ar mhaithe lena bheith ‘sláintiúl’?!”

Anois, níl mé ag iarraidh a bheag a dhéanamh d’iarrachtaí na ndaoine atá ag iarraidh a bheith níos sláintiúla, agus molaim go mór éinne a chuireann stad le nósanna míshláintiúla atá ag déanamh dámáiste don chorp agus don aigne.

Ach ag an am céanna, caithfear bheith cúramach faoin bhealach a thugann muid faoi shaol sláintiúil bheith againn.

Ó thaobh bia de, bhí follús ann le blianta beag anuas de dheasca an méid bia réamhdhéanta, lán siúcra, próiséalta a bhí á ithe againn ach tá sé sin á líonadh anois ag an rannóg úr bia seo ar a dtugann muid ‘bia sláinte’.

Tá an follús céanna le sonradh agus muid ag trácht ar an aclaíocht.

Ba ghnáth linn a bheith amuigh ag obair sna páireacnna, ar an fheirm nó ar na duganna.

Saol gníomhach.

Anois tá ár bhformhór inár suí go bog os comhair an scáileáin ríomhaire ó dhubh go dubh.

Líonadh an follús gníomhaíochta sin le rith ar an bhóthar agus le modhanna aclaíochta eile nach bhfuil fáth ná fiúntas leo i bhfírinne.

Cinnte, mothaíonn sé deas a bheith ag cur allais anois is arís, ach go domhain ar an taobh istigh tá a fhios againn uilig nach bhfuil aon fháth ar leith ag baint le bheith ag rothaíocht ar rothar nach mbogann aon áit, nó a bheith ag rith ar mhuileann reatha.

Má tá mise ag dul uair an chloig a chaitheamh ar rothar, ba mhaith liom ar a laghad go mbeadh féirín beag ann ag deireadh an bhóthair i bhfoirm radharc deas, teach carad, cáca beag milis nó cupán deas caife!

“Ach,” a chluinim sibh ag ceistiú, “má tá sé níos fearr gloine fíona a ól anseo is ainsiúd, dul amach le haghaidh pizza uair sa tseachtain, agus gan bacadh leis an aclaíocht leadránach rialta, cén fáth a bhfuil fadhb againn lenár sláinte sa tír seo, ar mhór-roinn na hEorpa agus i Meiriceá thuaidh?”

A chairde Gael, sin í an cheist mhór!

Ceist í atá níos mó ná gur féidir liom a chíoradh san alt seo ach sílim go bhfuil cuid den fhreagra le fáil sa phictiúr mór.

Feictear dúinn go bhfuil muid míshláintiúl de bharr go n-itheann muid bia gan mhaith go ró-mhinic, agus nach ndéanann muid go leor aclaíochta.

Tá sé sin measartha soiléir ach tá ceisteanna eile ann ar fiú dúinn iad a chur, ceisteanna atá níos úsáidí dúinn agus muid sa tóir ar na fíor-fhreagraí:

Go ginearálta, cén fáth a bhfuil an saol á chaitheamh ag an fhormhór againn go neamhghníomhach?

Cén fáth nach bhfuil bia sláintiúl ar fáil go forleathan i gceantracha an ghnáthdhuine, an lucht oibre?

Cén fáth a bhfuil an méid sin postanna ann inar gá suí os comhair scáileáin an lá uilig?

Cé atá ag baint leasa as mo chuid oibre, agus mise ag fulaingt liom ó lá go lá?

Is ceisteanna móra an tsaoil iad siúd, agus go hiondúil, spreagann siad freagraí móra.

Beidh freagraí éagsúla againn uilig is dóiche, ach go pearsanta, spreagann freagraí s’agam féin ar na ceisteanna sin níos mó ceisteanna maidir leis an bhealach ba mhaith liom mo shaol féin a chaitheamh.

Cad é an stíl mhaireachtála ar mhaith liom dom féin? Cad é mar a bhainfidh mé an stíl mhaireachtála sin amach?

Ag deireadh an lae, níl píosa beag bia sláinte nó rith gan dul áit ar bith uair sa tseachtain chun do shaol a fheabhsú mórán.

Tá níos mó ná sin i gceist. Agus mar a thuig Maya Angelou, tá an saol ann le sult a bhaint as.

Sílim go bhfuil sé tábhachtach a chuimhniú go bhfuil rogha againn uilig cad é mar a chaitheann muid ár saol.

Má tá tú ag iarraidh bheith níos sláintiúla, déan machnamh domhain ar na fíor-chúiseanna ar thug ort bheith san áit ina bhfuil tú agus cuir iad san áireamh nuair atá tú ag glacadh na gcéimeanna móra chun tosaigh.