‘Tá an vacsaín faighte agam féin ach ní bheadh mé ar mo shuaimhneas fós dul i measc na ndaoine’

Baineadh siar asam an tseachtain seo nuair a chonaic mé gur fhógair na húdaráis sláinte i Meiriceá go bhféadfadh daoine a fuair an vacsaín in aghaidh COVID a gcuid mascanna a chaitheamh in aer agus iad taobh amuigh, agus fiú taobh istigh i go leor cásanna. Beidh dualgas ar dhaoine ceann a chaitheamh ar eitleán mar shampla, agus in ospidéil. 

Dúradh go raibh súil go spreagfadh an fógra tuilleadh daoine chun an vacsaín a fháil. 

An chéad smaoineamh a bhí agam nár gur deá-scéala a bhí ann. Comhartha go raibh muid ar fad ar an mbóthar ceart agus gur gearr go mbeadh an fógra céanna á dhéanamh anseo. Is iontach an faoiseamh é sin. 

Tá na sonraí agus taighde ag teacht isteach de réir a chéile a thaispeánann go bhfuil na vacsaíní ag obair. Agus ba cheart go mbeadh luach saothair ag na daoine a fuair é, nuair atá an t-eolas seo againn. Má mhothaíonn daoine nach bhfuil tada ag athrú dóibh tar éis vacsaín a fháil, go háirithe daoine óga, ní bheadh an oiread céanna bíse orthu an turas a dhéanamh. 

Is contúirt é sin don imdhíonacht tréada, a bhí chomh luachmhar sin an t-am seo anuraidh ag go leor, ach mo léan, nuair is féidir an imdhíonacht seo a bhaint amach go sábháilte le vacsaín, níl aon spéis acu ann. 

Agus seo í an fhadhb mhór leis an bhfógra seo. Tá Joe Biden agus Anthony Fauci ag braith ar dhaoine a roghnaigh gan vacsaín a fháil a bheith ionraic. Na daoine a roghnaigh gan aon aird a thabhairt ar réasún ná ar eolaíocht nuair a roghnaigh siad gan masc a chaitheamh. Na daoine céanna atá breá éirimiúil ach a roghnaigh bréaga a shlogadh mar gheall gur luí sé lena bpolaitíocht. Táimid anois ag braith ar na daoine seo chun masc a chaitheamh. 

Cé go raibh sodar faoin vacsaín i Meiriceá, tá go leor fós nach bhfuil sí faighte acu. Tá go leor de na daoine seo ag obair in áiteanna cosúil le siopaí gan mórán cosanta ón té a roghnaíonn siúl isteach gan masc. Tá daoine ann a bhfuil córais imdhíonachta atá lag acu nach bhfuil in ann aon vacsaín a thógáil, agus atá ag braith orainne é sin a dhéanamh dóibh, chun iad a choinneáil folláin agus beo. 

Ní féidir a rá go bhfuil an dlúthpháirtíocht shóisialta seo ag cur isteach ar na daoine a roghnaigh taobhú le polaitíocht Donald Trump. Ní féidir glacadh leis mar sin go bhfágfaidh siad orthu a masc, go háirithe nuair a dhiúltaigh siad é a chur orthu an chéad lá riamh. 

Mar sin, cé go bhfuil an vacsaín faighte agam féin, agus cé gur bhreá liom dul isteach i dteach ósta pacáilte lán le daoine agus le frídíní agus an oíche a chaitheamh ag caint agus ag gáire, is oth liom a rá nach mbeadh mé ar mo shuaimhneas fós é sin a dhéanamh, fiú dá mba rud é gur i Meiriceá a bhí mé, agus lánchead tugtha dom. Tá an iomarca daoine mí-ionraic fós amuigh ansin nach bhfuair í.