Teicníc Thairbheach Chodlata
Bain triail as 4-7-8!

Agus an chuma ar chúrsaí go mbeinn múscailte go maidin, chuimhnigh mé ar mhodh anála 4-7-8 – agus d’oibrigh sé!

Más duine thú, mar mise, a mbuaileann an neamhchodladh tú in amanna, beidh tú sásta a chloisteáil faoi mhodh anála 4-7-8 a thástáil mé sna huaireanta beaga ar maidin agus a chuir i mo chodladh go suan séimh mé.

Oíche Dhomhnaigh an t-aon oíche sa tseachtain a mbíonn deacracht agam dul a chodladh, de ghnáth.

Déarfainn go mbíonn lámh ag scléip an deireadh seachtaine leis!

Insomnia aris

Má bhíonn ól tógtha agam Dé Sathairn mar shampla, tig liom brath air nach bhfaighidh mé néal codlata go dtí a 3-4 a chlog maidin Dhomhnaigh ar a luaithe.

Tá cairde agam a bhíonn ar an dóigh chéanna, iad lánmhúscailte agus ag éirí níos imníche faoin mhéid atá rompu san obair Dé Luain, de réir mar atá na huaireanta ag dul thart.

Seo é an saol nua-aimseartha ina mairimid!

Meastar go mbíonn fadhbanna codlata ag duine as gach triúr in Éirinn.

Deirtear fosta go n-eascraíonn go leor fadhbanna sláinte – murtall agus galar croí ina measc – as easpa codlata agus má bhíonn sé ann ar bhonn fadtréimhseach go n-íslíonn sé d’ionchas saoil.

Mar a tharlaíonn sé, léigh mé faoi mhodh anála 4-7-8 inné agus thosaigh mé ag googláil faoi aréir.

Cleas análú domhain is ea é a chuirfidh daoine atá ag fulaingt le neamhchodladh ina suan taobh istigh de bhomaite amháin.

Is é an Dr. Andrew Weil, saineolaí codlata, a dhear an teicníc.

Cuireann an t-análú domhain an intinn ar a suaimhneas agus ligtear leis na matáin sa chorp.

Níl a fhios agam an bomaite a bhí i gceist i mo chás-sa, ach ní fada mé ag gabháil don chuntas agus don análú domhain go raibh mé i mo chodladh ar deireadh!

1) Cuir an t-aer ar fad amach as do scamhóga le heasanálú mór.

2) Dún do bhéal agus tarraing aer fríd do shrón agus tú ag cuntas suas go dtí a 4.

3) Coinnigh an t-aer istigh agus déan cuntas suas go dtí a 7.

4) Scaoil an t-aer amach fríd do bhéal agus tú ag cuntas suas go dtí a 8.

5) Seo análú iomlán amháin.

6) Gabh fríd na céimeanna seo trí huaire eile – agus codladh sámh!