Amhrán náisiúnta Cymru
'Hen Wlad Fy Nhadau' as Gaeilge

Leis an aird ar fad a tarraingíodh ar gheáitsí na nÉireannach “gleoite” le tamaillín de sheachtainí anuas agus Euro 2016 faoi lán seoil, ní mó ná gur lig na meáin Fhrancacha na Ceiltigh is ceolmhaire i ndearmad.

Sin an Bhreatain Bheag ar ndóigh a bhuaigh ar thír Francafóin agus ‘Hen wlad fy nhadau’ á chanadh go buacach acu agus an Bheilg cloíte gan cheist acu tar éis chluiche na Déardaoine seo caite i Lille, cathair chomh cóngarach don Bheilg gur dhóbar go raibh sé ina chluiche baile acusan.

Iomann álainn atá ag na Breatnaigh, a bhfuil de dhifríocht idir é agus amhráin náisiúnta ghalracha eile, ‘Amhrán na bhFiann’ ina measc, ná nach luaitear ann bás agus piléir – is é a dhónn an ghearb do na Breatnaigh ná an baol go rachadh a dteanga uasal i léig.

Cuirfear tús le hOireachtas na Breatnaise, nó an Eisteddfod faoi dheireadh na míosa, agus go deimhin, is i rith eagrán 1874 na féile sollúnta úd a chéadscaip cáil ‘Hen wlad fy nhadau’ mar iomann náisiúnta – comhthéacs taitneamhach eile leis an amhrán a chlos arís agus arís eile i dteannta an iliomad armóin álainn a chuirtear leis de ghnáth.

Is minic mé féin agus mórán mar mé i bhformad le lucht na Breatnaise i dtuairim a bhisiúla agus a mhaireann a dteanga le hais mar atá cúrsaí againn féin, agus b’olc liom dá bhrí sin tagairt a deineadh in La Tribune maidin inné don Bhreatain Bheag mar an náisiún is “anglais” de na náisiúin Bhreatnacha.

Níos faide anonn san alt céanna, tharraing an t-údar Romaric Godin aird ar an rud a dtugann sé pribhléid na mBriotanach air – an chuma go gceadaítear foirne “náisiúnta” a bheith ag Tuaisceart na hÉireann, ag an mBreatain Bheag agus ag Albain, ach nach dtaibhsítear go deo d’aon duine go mbeadh a leithéid d’fhoireann ag na Bascaigh ná ag na Catalónaigh.

N’fheadair aon duine agus go bhfuil smut den cheart aige. Cad a déarfá?

bale-cymru

Ní miste a lua gurb é an fonn céanna le ‘Hen wlad fy nhadau’ a ghabhann le roisc chatha a bhíonn ag na Ceiltigh Bhriotanacha eile – ‘Bro Goz va Zadou’ na Briotáinise agus ‘Bro Goth agan Tasow’ na Coirnise, cuirim i gcás.

An té gur sanasaíoch a shúil, aithneoidh sé gurb ionann ciall do theideal na dtrí leagan: ‘Seantír mo shinsear’.

Bíodh leagan ag Ceiltigh Ghaelacha na hÉireann feasta.

Agus seo libh, canaigí anocht é – teastaíonn do thaca ón mBreatain Bheag agus iad ag tabhairt ceacht sacair don Phortaingéil!


Hen Wlad Fy Nhadau / Seantír Mo Shinsear

A sheantír mo shinsear,
atá dlúth do mo chroí,
aos dána chomh ceolmhar,
agus iad romham ar gach taobh.

Nach curúil ár ngaiscígh,
tírghráthóirí groí,
a thál a gcuid fola don tír.

Tír! Tír! Dílis atáim do mo thír.
Is breá mór an mhuir, mar dhíon ar an namhaid,
go maire an tseanchaint gan chaill.