An mbeadh an rí-rá céanna ann dá mbeadh an tatú ar cholpa geal?

Ós rud é nach bhfuil foireann againn ag Corn an Domhain, bhí sé chomh maith dúinn a bheith ag trácht ar an bhfoireann béal dorais. Sasana. Cibé cén sórt smál atá orthu, uair ar bith a bhíonn siad i gcomórtas mór, tarlaíonn conspóid éigin. Nó mura bhfuil aon chonspóid ann, cruthaítear ceann.

Raheem Sterling atá á fháil an uair seo. Facthas go raibh tatú nua aige, gunna ar a cholpa agus bhí go leor den tuairim gur ag tabhairt drochshampla do dhaoine óga a bhí sé. Moladh dó é a chlúdach, nó fáil réidh uilig leis. Bhí daoine eile den tuairim gur cheart bóthar a thabhairt dó ón bhfoireann uilig. Caithfidh muid breathnú ar an scéal ag leibhéal atá níos doimhne ná an méid a thugann na ceannlínte le fios dúinn.

An bhfuil Sterling ag fáil an cáineadh ar fad, mar gur duine dubh é? Táthar ann i Sasana a chreideann seo, ina measc daoine mar Sephton Henry a bhíodh i mbuíon coirpeach agus atá anois ag obair in iarracht daoine óga a choinneáil ón gcoiriúlacht. An mbeadh an ruaille buaille céanna ann dá mbeadh an tatú ar cholpa geal?

Bhí ar Raheem Sterling ráiteas a dhéanamh chun scéal an tatú a mhíniú. Is cosúil gur gunna a mharaigh a athair nuair nach raibh sé ach dhá bhliain d’aois, agus gur geall sé dó féin ina bhuachaill óg go bhfanfadh sé glan orthu. Tá an tatú ar a chois deas, mar is as sin a thagann a chuid urchair féin. Nach dea-shampla é sin? Fear óg a raibh tús thragóideach lena shaol ag tabhairt móide go bhfanfadh sé amach ón gcultúr a bhfuiltear ag cur ina leith go bhfuil sé á chur chun cinn.

Ó bhain sé clú amach, tá nuachtáin éagsúla ag caitheamh go dona le Raheem Sterling, agus is léir go bhfuil daoine ann nach dtaitníonn sé leo go bhfuil fear óg, dubh ag déanamh go maith dó féin, agus nach bhfuil sé ag déanamh aon leithscéal faoi ach oiread.

I measc na scéalta atá foilsithe faoi, tugadh le fios dúinn go raibh sé de mhuinéal aige an iomarca airgid a chaitheamh ar charranna, ansin nár choinnigh sé na carranna sin sách glan agus gur chaith sé an iomarca ar eitiltí. Cáintear ansin é má fheictear é ag ithe gnáthbhricfheasta i ngnáthbhialann, in ainneoin an méid airgid atá aige.

Níor ceistíodh Sterling faoin tatú sular foilsíodh an píosa. Bhí sé gaibhte ar fud na Breataine agus na hÉireann sula raibh deis aige freagra a thabhairt. Tá a fhios againn gur ceannlínte seafóideacha iad. Ach, nuair a fheictear iad lá i ndiaidh lae, is gearr go dtosnaíonn muid á slogadh, agus tosnaíonn an dímheas.

Ag deireadh na bliana seo caite, cuireadh fear i bpriosún mar gheall ar rudaí ciníocha a dúirt sé le Sterling. Bhuail sé cúpla cic air chomh maith, san áit ina bhfuil an tatú nua seo. Cé acu is measa? Tá an méid a deirtear faoi dhaoine in sna meáin in ann naomh a dhéanamh de dhuine, nó drochbhail a chuir orthu, ag braith ar an tuin. Ní mór dúinn cuimhneamh air sin, sula dtosnaíonn muid ag tabhairt breithiúnais.