‘Arda Éireann’ — liosta ‘Munros’ na hÉireann seolta ag Sléibhteoireacht Éireann agus MountainViews

Tá liosta nua foilsithe ag Sléibhteoireacht Éireann agus MountainViews.ie de na cnoic is airde sa tír ar mhúnla na ‘Munros’ in Albain. Tá súil ag Sléibhteoireacht Éireann go gcabhróidh an liosta an brú ollmhór a bhíonn ar chúpla cnoc timpeall na tíre a laghdú, i measc spriocanna eile. 

Agus muintir na hÉireann sáinnithe inár n-oileáinín beag féin i gcaitheamh an tsamhraidh tháinig borradh mór faoin gcnocadóireacht sa tír seo. Is mór an mhaith go bhfuil spéis á múscailt i muintir na hÉireann ina dtír féin, ach mar sin féin d’eascair roinnt mhaith fadhbanna as an spéis nua seo freisin.

B’éigean d’fheirmeoirí an cead a bhí tugtha acu do lucht siúlta sléibhte a bheith ar a gcuid talún a tharraingt siar mar gheall ar an drochiompar a bhí ag cuid acu, agus in áiteanna eile — Cuilceach i gcontae Fhear Manach mar shampla — b’éigean do na Gardaí nó don PSNI bóithre agus bealaí a dhúnadh mar gheall ar an róphlódú ar shléibhte aitheanta. 

Ní fadhb nua é an róphlódú sin, agus cé gur éirigh sé níos measa le linn na ndianghlasála, tá idir fheirmeoirí, lucht siúlta sléibhte agus ghníomhaithe comhshaoil buartha faoin drochthionchar le tamall de bhlianta anuas. 

“Ó thaobh an chomhshaoil de, is fearr an chnocadóireacht a scaipeadh thar go leor áiteanna leis an mbrú a bhíonn ar na cnoic arda is mó tóir a laghdú. Bíonn formhór na ndaoine ag siúl ar ghrúpa beag cnoc in áiteanna cáiliúla,” a dúradh i dtuairisc a chuir fochoiste Arda Éireann le chéile. 

View this post on Instagram

A post shared by Mountaineering Ireland (@mountaineering_ireland) on

Tá súil ag an eagraíocht sléibhteoireachta go meallfaidh na 406 cnoc — in 43 “ceantar sléibhte” — atá ar an liosta lucht siúlta sléibhte go háiteanna nua ar fud na tíre, agus go mbeidh níos lú daoine ag tarraingt ar na háiteanna a bhíonn faoi bhrú mór i gCill Mhantáin agus sna Beanna Boirche, mar shampla. 

282 sliabh atá ar liosta na Munros in Albain — sléibhte atá os cionn 914m. Dá gcuirfí an tslat tomhais sin i bhfeidhm in Éirinn ní bheadh ach 14 sliabh ar a leithéid de liosta. Beartaíodh gach sliabh atá os cionn 500m a chur ar liosta na nArd Éireann, agus na beanna nach bhfuil níos airde ná 30m ná na sléibhte eile ina dtimpeall a bhaint de. 

D’fhág an cur chuige sin gur 406 cnoc atá ar liosta na nArd Éireann, sléibhte aitheanta Gaeltachta ar nós an Earagail i nGaoth Dobhair agus Cnoc Bhréanainn i gCorca Dhuibhne ina measc. 

“Dúshlán saoil” atá in Arda Éireann, dar le lucht cruthaithe an liosta, agus tá súil acu go spreagfaidh an liosta daoine nach bhfuil mórán cnoc siúlta acu agus cnocadóirí a bhfuil taithí na mblianta acu tabhairt faoi.

Tá na 406 cnoc siúlta ag naonúr go dtí seo, agus shiúil duine amháin acu, Simon Byrne, gach uile cheann acu in aon bhliain amháin. Is féidir le baill Shléibhteoireacht Éireann agus Mountain Views taifead a choinneáil de na cnoic atá siúlta acu ar shuíomhanna idirlín na n-eagraíochtaí, agus maítear go dtabharfar “aitheantas” do dhaoine a chríochnóidh an dúshlán amach anseo. Bronntar teastas ar chnocadóirí a dhreapann gach Munro in Albain. 

View this post on Instagram

A post shared by Mountaineering Ireland (@mountaineering_ireland) on

Bunaíodh an liosta seo ar liosta eile a foilsíodh i bhfad ó shin — na ‘Vandeleur-Lynams’, a ainmníodh as beirt sléibhteoirí mhóra as Éirinn. Chuir MountainViews leis an liosta sin in 2009, agus tá liosta na nArd Éireann bunaithe ar an leagan sin. 

Is féidir teacht ar an liosta críochnúil ar Mountaineering.ie nó MountainViews.ie.