Cad é atá i gceist le ‘Mallacht Mhaigh Eo’?

Mar is eol dúinn ar fad faoin am seo is dócha, ní raibh an bua ag Maigh Eo i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann ó bhí 1951 ann, agus táthar ann a chuireann an locht ar sheanmhallacht ón bhliain chéanna.

Téann fir an iarthair isteach sa chluiche ceannais don dara bliain as a chéile agus iad féin, a lucht tacaíocht agus formhór na tíre ag súil go mór go mbainfidh siad Corn Shomhairle Mhig Uidhir don chéad uair le 66 bliain.

In ainneoin go bhfuil siad i ndiaidh an staid seo a bhaint amach naoi n-uaire – is é, naoi n-uaire – ó 1989, níor éirigh leo an beart a dhéanamh go fóill.

Ach ar ndóigh, níor bhuail an droch-ádh seo iad thar na blianta de dheasca peileadóirí laga ná ganntanas traenála ná easpa maoinithe, ach mar gheall ar mhallacht a cuireadh orthu siar nuair a bhí an contae i mbarr a mhaitheasa.

Bhí foireann Mhaigh Eo i ndiaidh Cluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan in éadan na Mí i Meán Fómhair 1951 agus d’imigh siad leo siar ó Bhaile Atha Cliath agus an corn clúiteach ina seilbh acu.

De réir cosúlachta, bhí cuid den fhoireann ar chúl veain nó trucaile de chineál éigin agus iad i lár Bhéal Easa, baile beag ina gcontae féin, áit ar thiomáin siad thar bráid sochraide gan stopadh agus gan a gcomhbhrón a dhéanamh le muintir an duine a bhásaigh.

Níor thaitin seo ar chor ar bith leis an sagart agus chuir sé mallacht orthu nach n-éireodh leo Craobhchomórtas na hÉireann a bhuachan arís go dtí go mbeadh gach ball den fhoireann sin imithe ar shlí na fírinne.

Creid é nó ná creid ach tá Maigh Eo gan a lámha a leagan ar Sam ó shin, ach ní ceal iarrachta.

Mallacht nó comhtharlúint?

Níl ach beirt ón phainéal sin go fóill beo sa lá atá inniu ann, mar atá an Dr Pádraig Carney atá lonnaithe i SAM agus Paddy Prendergast atá ag cur faoi i gContae Chiarraí.

Más fíor don mhallacht seo seo beidh Corn Mhig Uidir ag fanacht i mBaile Atha Cliath go ceann bliain eile ar a laghad.

Seans maith áfach go mbeidh sé ag fanacht ann mar gur foireann níos fearr iad na curaidh reatha agus go mbeidh an lámh ghlan in uachtar acu ar Mhaigh Eo ar pháirc na himeartha cá bith.

Má tharlaíonn sé sin, beidh cosa fhoireann seo Mhaigh Eo nite ach cosa go fóill ag a mallacht.

Beidh an chéad chor eile sa scéal seo ar eolas againn amárach.


Is féidir Oisín a leanúint ar Twitter anseo.