Davy, an Draoi Dána
Seo daoibh an 'Boss' nua!

Bhí an t-ádh orm éirí aníos sna nóchaidí.

Tréimhse í a d’athraigh an tír agus a chuir beocht agus anam inti.

Agus bíodh sé le tuiscint nach ag caint ar bhunú Boyzone ná Westlife atá mé ach an oiread!

Ach hé ar chor ar bith ach ré órga na hiomána.

Uíbh Fhailí. Port Láirge. Luimneach. Loch Garman. An Clár.

Nach iontach na cluichí agus na cuimhní a thug siad dúinn.

Cluiche Ceannais na gCúig Bhomaite, 1994.

Cluiche Leathcheannais na Mumhan faoi bhrothall agus faoi bhruithean shamhradh 1996.

Cluichí Ceannais na Mumhan, 1998.

An cluiche leathcheannais míchlúiteach sin agus Jimmy Cooney, 1998.

Bíodh ag an Tíogar Ceilteach – b’ionann an t-ollmhaitheas iomána seo agus an Tíogar úd agamsa.

Ach dá fheabhas iad na foirne agus na himreoirí an tráth sin, is ar imreoir amháin is mó a chuimhním ón tréimhse.

Cúl báire.

É ag pocléim thart agus an cath ina theas.

Cúr lena bhéal.

Ina mhadra cosanta chomh fiáin sin nach rachadh Setanta féin an lá ab fhearr a bhí sé faoi luascadh camáin dó.

Cúil á sábháil aige. Cúil á scóráil aige.

Agus gan airde do ghualainne ann, b’fhéidir.

Cé eile ach Davy Fitzgerald?

Ní bheadh agat ach ‘Davy’ a lua agus bheadh a fhios ag an saol cé air a raibh tú ag trácht.

Paidí na hiomána ar dhóigh.

Is beag duine i saol CLG a chothaíonn an oiread céanna díospóireachta.

Agus is iomaí uair a casadh an focal ‘craiceáilte’ agus Davy ar a chéile in aon abairt amháin.

Ach cé chomh hoiriúnach atá an mhire seo a luaitear le Davy?

I bhfianaise a bhfuil déanta aige mar bhainisteoir le blianta agus go háirithe le míonna beaga anuas, caithfear súil agus go deimhin dhá shúil a chaitheamh ar an bhreithiúnas agus ar an daorbhreith seo.

Deirtear nach bhfuil ach an líne is tanaí idir an ginias agus an ghealt.

Agus go minic shílfeadh duine go bhfuil cos amuigh agus cos istigh ag Davy ar an dá thaobh den líne seo.

Ní hiontas ar bith é, mar shampla, seanbhlas searbh a bheith ar an eachtra in 2012 idir é féin agus Port Láirge, eisean ag déanamh beag is fiú díobhsan le linn an chluiche lena bhriathra binbeacha agus iadsan ag ceiliúradh gan náire os a chomhair ina dhiaidh.

Na himreoirí céanna a bhíodh ina seansaighdiúirí dílse aige agus a throid go fíochmhar ar a shon nuair a bhí sé i gceannas ar Phort Láirge.

Agus é i gceannas ar an Chlár, tharraing sé fearg na tíre air féin nuair a scaoileadh ráflaí faoin drochbhail a bhí sé a thabhairt ar bheirt dá chuid imreoirí gur daoradh iad chun traenáil leo féin – iad díbeartha agus imeallaithe ar fad ón phainéal.

Agus ní hé go bhféadfaí a leagan amach go bhfuil na meáin chumarsáide rógheanúil air ach an oiread, ó tharla é a bheith borb giorraisc leo go minic.

Ach má bhíonn 12 leagan ar amhrán, tá 20 snáth ar phearsa chasta Davy.

Níl a fhios agam an bhfuil spéis ag Davy Fitzgerald i gceol Bruce Springsteen, tá mé cinnte gur chuala sé faoi agus go mbeadh sé breá ábalta curfá croíúil ‘Born in the USA’ nó ‘Born to Run’ a chanadh chomh maith le duine.

Ach ritheann amhrán eile de chuid an Bhas liom, amhrán a chuireann síos go paiteanta ar a mheon agus a thabharfaidh léargas dúinn ar a chur chuige:

“Badlands, you gotta live it every day
Let the broken hearts stand
As the price you’ve gotta pay
We’ll keep pushin’ till it’s understood
And these badlands start treating us good.”

Bhí Davy i gcónaí ag tabhairt dhúshlán na n-údarás agus na bhfoirne móra.

Bhí fís aige agus uaireanta d’íoc sé go daor as an aistear sin.

Ach ba chuma mar go raibh an fhís á cothú agus á beathú i rith an ama.

Dhá chorn Mhic Giobúin le LIT.

Thug sé Port Láirge a fhad le Cluiche Ceannais na hÉireann.

Thug sé an Clár ar ais chuig an Tír Tairngire in 2013.

Agus le míonna beaga anuas tá sé ag tabhairt sonc mór sna heasnacha don fhathach shrannach sin, Loch Garman agus iad i ndiaidh Craobh 1B a thabhairt leo gur bhuail ar Chill Chainnigh Dé Domhnaigh seo caite den chéad uair i bPáirc Uí Nualláin le 50 bliain.

Chuir sé dóchas agus misneach agus, níos tábhachtaí fós, rath agus coirn sna contaetha seo go léir.

Agus nuair a bhí Davy ina mbun, níorbh fhoirne lár báire iad LIT, Port Láirge, An Clár agus anois Loch Garman.

Fear mire, b’fhéidir, ach fear modha chomh maith.

Bhuail mé le Davy Fitzgerald uair amháin.

Bhí foireann chamógaíochta an chlub againn ag tabhairt aghaidh ar Chluiche Leathcheannais na hÉireann.

Fuair muid leid go raibh sé thart faoin cheantar agus go raibh seans ann go dtoileodh sé labhairt leis an fhoireann. Níor cailleadh a leath…

Thoiligh agus tuilleadh lena chois.

Thug sé caint uaidh nach ndearna mé dearmad uirthi ó shin. Agus ní dhéanfaidh.

Caint a bhí paiseanta, greannmhar, umhal agus mórtasach, agus é sin ar fad faoi dhídean an ionracais a tháinig uaidh go réidh.

Caint a léirigh an éirim aigne, an cumas atá ann mar bhainisteoir agus an cíocras atá air an oiread agus is féidir a bhaint amach.

Ní chuirfinn thairis é.

“Poor man want to be rich
Rich man want to be king
And a king ain’t satisfied
‘Til he rules everything
I want to go out tonight
I want to find out what I got”

Is é mo thuairim nach sásófar Davy go deo, fiú agus domhan na hiomána i gcúl a dhoirn aige.

Sin mo thuairim agus is é mo ghuí é chomh maith nó ba bhoichte agus ba leadránaí an domhan céanna gan é.