Deis caillte ag Schmidt plé ceart faoi chás Jackson a thosú

Is ar éigean go raibh Joe Schmidt agus foireann rugbaí na hÉireann leaindeáilte ar ais ag Aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis taispeántas uafásach ag Corn an Domhain, nuair a foilsíodh leabhar faoi shaol agus na blianta atá caite aige mar chóitseálaí. 

Níor bhac mé í a cheannacht mar dúirt mé liom féin gur dóigh gur leamh go maith a bheadh sí mar leabhar, agus de réir na léirmheasanna ní raibh mé i bhfad as marc. 

Go deimhin, is mó spéise a bhí agam sa méid dúirt Schmidt sna hagallaimh éagsúla a rinne sé agus é ag tabhairt poiblíochta don leabhar céanna. Ceistíodh é faoi Paddy Jackson agus Stuart Olding, an bheirt imreoirí rugbaí a frítheadh neamhchiontach as mac léinn a éigniú i mBéal Feirste i 2016, tar éis cás mór fada cúirte. 

Níor ciontaíodh as tada iad, ach tháinig go leor chun solais faoin gcaoi ar caitheadh leis an mbean óg, agus an dearcadh a bhí acu faoi mhná go ginearálta. Mar gheall ar theachtaireachtaí WhatsApp a seoladh, chuir Cumann Rugbaí na hÉireann deireadh leis na conarthaí a bhí acu, agus chaill siad a gcuid oibre leis na hUltaigh. 

Tá Jackson anois ag imirt le London Irish, agus sa Fhrainc, le CA Brive atá Olding. 

Dúirt Joe Schmidt gur ag Dia amháin atá fios an imreoidh Jackson nó Olding rugbaí in Éirinn arís, ach go raibh súil aige go bhfaighidís maithiúnas lá breá eicínt, amach anseo. 

Is cosúil nach luaitear an triail sa leabhar, mar de réir Schmidt, gur cheap a chuid foilsitheoirí nár cheart aon tochailt a dhéanamh ar an scéal arís. Botún a bhí ansin. 

In agallamh leis an BBC, dúirt Schmidt cé nár ciontaíodh na fir, ní shin le rá go mbeadh chuile dhuine sásta leis an gcaoi ar iompair siad iad féin, agus go mbeadh sé deacair acu a theacht ar ais as sin. 

Dá mbeadh sé sin ráite sa leabhar aige, leabhar a bheidh faoi chrainn Nollag fud fad na tíre taobh istigh de mhí, is deis a bheadh ann d’fhir agus do mhná an cás a chíoradh arís, agus plé a dhéanamh ar mheas do mhná, agus ar mheas ar dhaoine. 

Ní gá dom cur síos a dhéanamh arís ar an mbail a bhí ar an mbean óg nuair a d’fhág sí teach Jackson trína chéile agus ag cur fola. Ní dóigh liom go mbeidh sí in ann aon mhaithiúnas a thabhairt dóibh, agus má bhíonn, is fearr an bhean í ná mise. 

Ach samhlaigh dá mbeadh aon chosúlacht ann gur fhoghlaim an bheirt acu ceacht, agus go raibh siad ag obair go crua ag scaipeadh na teachtaireachta faoi mhí-iompar. Samhlaigh dá ndéanfadh siad an oiread sin gur chreid muid iad. Go mbeadh sé soiléir go raibh aiféala orthu, mar gheall ar an méid a tharla agus ní mar gheall go bhfuair muid uilig amach faoi agus go raibh orthu bogadh thar lear. Go mbeadh daoine óga ag teacht chun cinn nach ndéanfadh na rudaí seo mar gheall ar an gceacht a mhúin Jackson agus Olding dóibh.

Faraor, mura bhfuil foilsitheoir mór le rá sásta dul sa tseans an cheist a phlé i leabhar Joe Schmidt, cén seans atá ann go dtarlóidh a leithéid?