Maratón Rúnda
Á eagrú am éigin an fómhar seo!

Níl fágtha ach lá amháin eile le cur isteach ar an Secret Marathon atá ag tarlú áit éigin, am éigin an fómhar seo chugainn i gcathair Londan.

Is féidir le reathaí a bhfuil cíocras acu don aclaíocht agus do ghiota beag mistéire clárú don ollrith rúnda seo go dtí Dé hAoine, 6 Bealtaine.

Geallann lucht eagraithe an Mharatóin Rúnda gur eispéireas éagsúil ar fad a bheidh á chur ar fáil acu, agus go bhfaighidh daoine blaiseadh de shaol uirbeach Londan, mar nach bhfuair siad riamh é.

London

Caitheann an coincheap nua seo coinníollacha an mharatóin thraidisiúnta i dtraipisí.

Slán le táillí móra clárúcháin.

Slán leis an chóras ballóid lochtach a fhágann daoine díomách agus iad gan áit sa rás fiú tar éis dóibh am áirithe a chinntiú i rásaí eile.

Tarraingt eile ná nach gá seachtainí a chaitheamh ag bailiú airgid do charthanacht ach oiread, mura mian leat.

Tá an Maratón Rúnda seo saor in aisce agus oscailte do chách.

Ach ná bí ag súil go mbeidh lucht tacaíochta ar thaobh an bhóthair chun tú a ghríosú le linn na mílte fada crua.

Tá an cúrsa go hiomlán faoi rún, rud a chiallaíonn go mbeidh tú ag brath ort féin amháin fáil a fhad leis an líne dheiridh, pé áit a mbeidh sé!

Seachas na reathaithe a bheith ag rith ar an lá, ní bheith fios ag éinne cén dáta a bheas an maratón ar siúl agus tá an lucht eagraithe rúnda seo ag súil nach scaoilfear leis an eolas!

Cláraigh anois anseo… sin más féidir leat rún a choinneáil!