Mná ag tabhairt faoi dhúshlán Pholl na bPéist

Den chéad uair riamh beidh mná ag tumadh isteach i bPoll na bPéist ar Inis Mór Árann do mhórchomórtas tumadóireachta d’aill Redbull 2017, a bheas ar siúl Dé Sathairn seo 24 Meitheamh.

Cuirfidh an teacht le chéile ar Inis Mór tús leis an séasúr nua de chomórtais tumadóireachta d’aill, a thabharfaidh iomaitheoirí chuig sé ionad éagsúla ar fud an domhain an samhradh seo.

16 tumadóir (seisear ban agus deichniúr fear) a bheas ag tabhairt faoin titim 27 troigh agus cé nach mbeidh aon ionadaíocht ag Éirinn sa chomórtas i mbliana, beidh gearrchomórtas ann ó iomaitheoirí as SAM, Meicsiceo, An Cholóim, An Pholainn, Poblacht na Seice, Sasana agus an Astráil.

Gary Hunt, as Sasana, a bhuaigh an chraobh anuraidh agus beidh sé ag glacadh páirte arís i mbliana.

Agus an séasúr ‘dímhaoin’ caite ag tumadóirí sa linn snámha, aithnítear Inis Mór mar áit iontach le tús a chur le séasúr na gcomórtas mar gheall ar chruth dronuilleogach Pholl na bPéist.

Seoid nádúrtha é Poll na bPéist, atá tuairim is 50 troigh ar fhad agus 20 troigh ar leithead, agus é ag teacht le cruth agus le fad linn snámha Oilimpeach.

Creimeadh agus scoilteadh na haolchloiche is cúis leis na línte díreacha agus na poill shéideáin a fheictear ar aillte Árann.

Tá Poll na bPéist ar an pholl séideáin is mó ar an oileán agus meastar go mbaineann an t-ainm leis an chuma fhiáin a bhíonn ar na tonnta móra in aimsir stoirmiúil agus iad ag buaileadh in aghaidh na linne aolchloiche.

Seo an 60ú imeacht i gCraobhchomórtas an Domhain, agus an tríú huair ag Redbull mórchomórtas a reáchtáil in Inis Mór.

Cuirfear tús leis an chomórtas ag meán lae. Tá na ticéid ar fad díolta amach don ócáid seo ach beidh tuairisciú beo ar craoladh ar Red Bull TV.

Tá muid ag súil go mbeidh an aimsir libh a thumadóirí cróga!