Na Briotánaigh ag tacú le Cymru
Iad meallta ag giolcanna na mBreatnach

Agus iad meallta ag tweetanna a sheol Cumann Sacair na Breataine Bige sa Bhriotáinis, tá glaoch déanta ag an eagraíocht chultúrtha ‪Gwengamp sa Bhriotáin chun tacú lena ndeartháireacha i gCymru sa chluiche in éadan Thuaisceart na hÉireann amárach i gcomórtas Euro 2016.

Ag 5in i Stade de France, Páras, rachaidh foireann na Breataine Bige, a tháinig chun tosaigh i ngrúpa E, in aghaidh fhoireann Mhíchíl Uí Néill agus fógra déanta ag na díograiseoirí Briotáinise go mbeidh siad ag tacú leis na Breatnaigh.

Is léir go ndeachaigh roinnt tweetanna sa Bhriotnáis a chuir Cumann Sacair Cymru – a tweetálann i mBreatnais go minic fosta – amach go mór i bhfeidhm ar mhuintir na háite, le linn dóibh a bheith lonnaithe in Dinarzh, sa Bhriotáin, le haghaidh traenála le cúpla seachtain anuas.

Dúirt Uachtarán na heagraíochta Gwengamp, Guy Kerhervé, go raibh sí ag súil go mbeadh dea-shampla na mBreatnach ina spreagadh ag clubanna eile sa Bhriotáin tuilleadh Briotáinise a úsáid.

Mar atá nasc láidir ag an Ghaeilge agus Ghàidhlig, tá an Bhriotáinis agus an Bhreatnais an-chosúil le chéile, agus is deas go bhfuil lucht na dteangacha Ceilteacha ag tacú lena chéile.

Na Ceiltigh Abú!