Níl aon fhianaise ann gur maith an spreagadh é an díoltas

Ní duine mé atá craiceáilte i ndiaidh sacair. Tá sé leamh le breathnú air i gcomparáid le spóirt eile, dar liom. Mar sin féin, bainim sult as Sraith na Seaimpíní mar bíonn atmaisféar iontach le mothú, agus feictear cúil ghleoite chomh maith. Cuirim spéis ann freisin ó thaobh na síceolaíochta spóirt de, mar ar chúis éigin bíonn an caighdeán imeartha níos fearr i gcomparáid le comórtais eile. 

Tá chuile thacaíocht ag na foirne seo, ó shaineolaithe bia, fisiteiripeoirí, daoine a réitíonn chuile ní dóibh agus ar ndóigh neart airgid chomh maith. Mar sin, an t-aon difríocht a bhíonn eatarthu ar an bpáirc imeartha, ná scil nó clisteacht intinne. Níl a fhios agam cén sórt ullmhúchán síceolaíoch a bhíonn ar bun ag Manchester City, ach níl bealach ar bith go raibh siad faoi réir le déileáil leis an ionsaí a rinneadh ar an mbus a bhí acu agus iad ag dul isteach ag Anfield. 

Caitheadh buidéil, cannaí agus diúracáin eile léi, agus bhí orthu bus eile a eagrú chun na himreoirí a thabhairt abhaile. Éileacht orthu, chaill City an cluiche 3-0, iad cráite go maith is dóigh ag an méid a tharla níos túisce sa tráthnóna. Fuair fir Jürgen Klopp na cúil ar fad sa gcéad leath, péire acu taobh istigh den chéad fhiche nóiméad. 

I ndiaidh an chluiche, shéan an t-imreoir lárpháirce İlkay Gündoğan go raibh aon tionchar ag an eachtra orthu, ag rá gur thug sé tuilleadh spreagtha agus ugaigh dóibh, ach ba léir nach raibh sé sin fíor. Ar ndóigh céard eile a déarfadh sé? Faraor, níl aon fhianaise shíceolaíoch ann gur maith an spreagadh é an díoltas. Má tá olc ar dhuine, tosnaíonn do chroí ag preabadh, cailleann tú smacht ar do chuid anála, agus cailleann tú smacht ort féin. Is as sin a eascraíonn botúin chosanta, cúil, cártaí buí agus cártaí dearga. Tá obair shíceolaíoch déanta agam le foirne éagsúla, agus go minic an chéad rud a deirtear liom ná go bhfuil alt inár cáineadh iad crochta sa seomra feistis acu “chun iad a spreagadh.” 

Nó tugtar le fios dom go n-éistíonn siad le hagallaimh a rinne a gcéilí comhraic, nó iriseoirí spóirt á bplé, ar an mbealach ag an gcluiche. Sin go leor fuinnimh curtha amú i mbun machnaimh ar ábhar nach bhfuil aon bhaint aige leis an imirt. Tá rud éigin in easnamh má “theastaíonn” an cineál sin spreagtha d’fhoireann atá ag ullmhú do chluiche tábhachtach. Molaim i gcónaí do bhainisteoirí díriú ar an méid gur féidir smacht a choinneáil air. Ní raibh aon smacht ag Manchester City ar an ionsaí a rinneadh ar an mbus, ach d’fhéadfaí, leis an traenáil chuí, na himreoirí a insliú ón tionchar a bheadh ag an eachtra sin orthu. Ceapann daoine nach bhfuil sa tsíceolaíocht spóirt ach óráidíocht nó gaoth, agus go minic leis an méid daoine neamh-oilte atá ag obair sa gceird, sin an méid a bhíonn ann. Léiríonn eachtraí den chineál seo an tábhacht a bhaineann le saineolas inchinne. Dá mbeadh Manchester City níos fearr ag teacht ar ais acu féin, seans maith nach mbeadh an bhearna chomh mór eatarthu roimh chluiche na seachtaine seo chugainn.