“Níos mó ná cluiche”
Ag tosú oíche Dé Domhnaigh ar BBC2!

Agus roinnt againn fágtha le blas searbh inár mbéal ag an deireadh seachtaine gan fáil againn ar na Cluichí Gaelacha a bhí á gcraoladh beo ar Sky, is deas linn a fheiceáil go mbeidh sraith nua ag teacht chugainn go luath a rachaidh i bhfeidhm ar lucht leanúna CLG i gCúige Uladh.

Sraith dhá chuid í Níos mó ná Cluiche a thosóidh ar BBC 2 ar an Domhnach seo chugainn agus a fhiosróidh scéal na gcluichí Gaelacha agus stair na heagraíochta sa chúige.

Dúirt Jarlath Burns, iarchaptaen Ard Mhacha agus tráchtaire CLG a bheas i mbun láithreoireachta ar an tsraith, go bhfuil scéal ar leith ag CLG i gCúige Uladh agus dlúthbhaint aige le féiniúlacht agus leis an stair bheo.

“Is eagraíocht ar leith é CLG Chúige Uladh, fiú taobh istigh de chomhthéacs CLG ar bhonn náisiúnta, atá difriúil i gcomparáid le heagraíochtaí spóirt eile ar fud an domhain,” ar sé.

“Is é is aidhm leis an tsraith ná léargas a thabhairt don lucht féachana ar stair, ar chultúr agus ar mheon na gcluichí Gaelacha”.

Le linn na sraithe, atá á léiriú ag Doubleband Films, cluinfear tuairimí ó thráchtairí mór le rá de chuid CLG, iar-imreoirí agus bainisteoirí mar Joe Kernan agus Mickey Harte.

Ón tús lag, fiosrófar na dóigheanna ar tháinig CLG i gCúige Uladh slán, trí bhlianta corracha an Chogaidh Chathartha agus na Críochdheighilte.

Cé gur dhúshlán mór iad na Trioblóidí do CLG, tháinig borradh faoin eagraíocht sa chúige mar thoradh orthu.

Pléifear fosta na buaicphointí móra i stair na gcluichí Gaelacha de chuid an chúige, ar nós na mórbhuanna Uile-Éireann a bhí ag peileadóirí an Dúin sna 1960í.

Insint thar a bheith suimiúil atá ann, dar le Damian McCann, stiúrthóir na sraithe, a tharraingíonn ar ábhar a taifeadadh thar shéasúr 2016 agus ar ábhar cartlainne.

“Ar an iliomad dóigheanna, is féidir scéal na gcluichí Gaelacha i gCúige Uladh a fheiceáil mar mheafar ar scéal an chúige féin le linn na mblianta sin.

“Is scéal éachtach, scéal drámatúil é an scéal seo, a bhfuil a lán carachtar iontach ann a thabharfadh laochra as seanscéal i do cheann – agus is iad sin na rudaí atá riachtanach i scéal ar bith den scoth.”


Craolfar an chéad chlár de ‘Níos mó ná Cluiche’ oíche Dhomhnaigh 11 Meitheamh @ 10.30in ar BBC2. Leanfar leis ar an tseachtain dar gcionn ag an am céanna.

  • PólÓ

    Ach an gcraolfar é ar an taobh eile na Muir Éireann?