Ollchoimhlint Ultach
Turas siar ar bhóthar na gcluichí móra

Tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Thír Eoghain an Satharn beag seo, 5 Lúnasa, i bPáirc an Chrócaigh. Amharcann Padaí Ó Tiarnaigh siar ar na cluichí stairiúla idir an dá chontae sa mhílaois seo…


Is maith is cuimhin liom, agus linn ar fad is cinnte, na coimhlintí móra maithe a thit amach i saol CLG, na cluichí éachtacha sin a spreagtar chun cuimhne gach am a dtagann an dá fhoireann le chéile arís:

Uíbh Fhailí agus Ciarraí sna luath 1980í (agus ná déanaimis dearmad ar chúl Shéamuis Derby a ghoid cúigear-i-ndiaidh-a-chéile ó Chiarraí i gCluiche Ceannais 1982); Áth Cliath agus An Mhí 1986-90; Gaillimh agus Maigh Eo 1995-99; agus na cathanna coimhlinteacha iomána, An Clár agus Tiobraid Árann 1997-2001; Corcaigh agus Port Láirge idir 2000-2007.

Nach raibh an t-ádh orainn gur chinn lucht déanta Laochra Gael ar TG4 dhá shraith (S9 agus S10) den chlár iontach sin a thiomnú do na coimhlintí seo.

Nuair a fuair Ard Mhacha an lámh in uachtar ar Chill Dara oíche Shathairn agus fios againn go mbeadh cluiche ceathrú ceannais ann le Tír Eoghain nó Baile Átha Cliath, bhí rud dosheachanta ann go mbeadh athchuairt ar choimhlint mhór uair amháin eile.

Ansin Dé Domhnaigh tháinig an tuar faoin tairngreacht: Tír Eoghain in éadan Ard Mhacha, ar ais i bPáirc an Chrócaigh.

Láithreach bonn thosaigh an plé ar na meáin shóisialta.

Déarfainn gur phléasc gur leor grúpaí WhatsApp idir sean-chairde agus teaghlaigh idir-chontae leis an spochadh, an clipeadh agus an griogadh.

Foilsíodh roinnt de na sean-fhíseáin sin ó na cluichí a thit amach breis agus 10 mbliana ó shin.

Dar le go leor gur thosaigh an dlúth-chomórtas sin idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain i gCluiche Ceannais na hÉireann 2003, ach is dóigh liom gur gá dul bliain nó dhó breise siar go tús na mílaoise úire leis an chéad fhoinse sa tsraith áirithe seo a aimsiú.

Ó shin i leith tá ceann de na coimhlintí is géire amach i spórt na hÉireann faoi sheol, seo thíos cuid de na buaicphointí ón iomaíocht Ultach seo.


2000 – Ard Mhacha agus Tír Eoghain / Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobh Uladh

Cé go raibh greim measartha ag Ard Mhacha an bhliain sin ar Chúige Uladh, chuidigh gortú do Peter Canavan go mór leo an cluiche áirithe sin a bhaint i bPáirc na gCeilteach, Doire. Ard Mhacha 0-12 Tír Eoghain 0-08


2001 – Ard Mhacha agus Tír Eoghain / Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobh Uladh

Chuir Tír Eoghain deireadh le hiarrachtaí Ard Mhacha trí Chraobh Uladh a thabhairt leo agus tháinig beirt de na himreoirí ba thábhachtaí sa ré sin ar fad chun cinn go mór, Stephen O’Neill agus ansin Owen Mulligan, a fuair cúl Thír Eoghain sa chéad bhomaite (Tír Eoghain 1-14 Ard Mhacha 1-09).


2002 – Ard Mhacha agus Tír Eoghain / Cluiche Ceathrú Ceannais Chraobh Uladh (agus Ath-imirt)

Is i bPáirc Naomh Tiarnach, Cluain Eois a thit dhá chluiche iontacha amach an bhliain stairiúil sin (bliain órga oráiste d’Ard Mhacha gan amhras). Steven McDonnell agus Seán Cavanagh (sa bhomaite deireanach ina chéad chluiche craoibhe do Contae Uí Néill) a fuair na cúil sa chéad chluiche (Ard Mhacha 1-12 Tír Eoghain 1-12) ach seachtain níos moille ar ais i gCluain Eois a fuair Ard Mhacha an bua ar a gcomharsana maithe, le cúl nach ndéanfaidh mé dearmad choíche air ó bhróg Barry Duffy le gaoth a chur faoi sheoltaí nua Joe Kernan (Ard Mhacha 2-13 Tír Eoghain 0-16)


2003 – Ard Mhacha agus Tír Eoghain / Cluiche Ceannais na hÉireann

Cé acu a bhí níos tábhachtaí, (nó níos conspóidí, b’fhéidir): an cárta dearg a bronnadh ar Diarmuid Marsden; Micky Harte a bhain Canavan gortuithe den pháirc; an fhuaim i bPáirc an Chrócaigh nuair a cuireadh Canavan ar ais chun páirce sa dara leath; nó blocáil stairiúil Ciarán Gormley agus McDonnell ar imeall na cearnóige ar lorg cúil le cúig bhomaite le himirt. (Tír Eoghain 0-12 Ard Mhacha 0-09).


2005 – Trí chluiche agus Bliain na Cinniúna, b’fhéidir…

a) Cluiche Ceannais Chraobh Uladh (Páirc an Chrócaigh)
Tús leis an tríológ iontach sin in 2005 agus breis agus 60,000 i láthair ag Cluiche Ceannais Uladh a thit amach i bPáirc an Chrócaigh. Shábháil cúl mall le McDonnell agus cúilín eile le Paul McGrane Ard Mhacha an lá áirithe sin (Ard Mhacha 2-08 Tír Eoghain 0-14)

b) Cluiche Ceannais Chraobh Uladh (Ath-imirt – Páirc an Chrócaigh)
Cluiche a mbeidh cuimhne go deo air ar mhaithe leis na cúiseanna mí-chearta b’fhéidir. Cuireadh Canavan chun páirce sa 53 bomaite agus cuireadh den pháirc láithreach é le cárta dearg, mar aon le Ciarán McKeever (dhá chárta bhuí) agus Stephen O’Neill cúpla bomaite níos moille arís ar an dóigh chéanna. Tháinig Oisín McConville chun tosaigh leis an bhua a chinntiú d’Ard Mhacha leis an dá chúilín dheireanacha. An lá agus an Chraobh ag Ard Mhacha sa deireadh (Ard Mhacha 0-13 Tír Eoghain 0-11)

c) Cluiche Leath-Cheannais na hÉireann
‘Níor mhaith liomsa é, glac tusa é’ – an íomhá sin a mhairfeas síos fríd na glúnta, Mulligan agus Canavan i mbun plé maidir leis an chic saoire sin ag deireadh an chluiche. Dhiúltaigh Mulligan. Freagracht ar Canavan. Bua cinniúnach ag Tír Eoghain agus Craobh na hÉireann bainte acu i gcoinne Chiarraí an Fómhar sin (Tír Eoghain 1-13 Ard Mhacha 1-12)

Mas rud é go raibh slat tomhais ann riamh le clú na coimhlinte seo a léiriú, bhí 19,631 i láthair i bPáirc Mhic Asmaint ag Cluiche Leath-Cheannais Chorn Mhic Chionnaith (Tír Eoghain 0-13 Ard Mhacha 0-11).


Imreoirí iontacha a tháinig, a d’imir agus a spreag an chéad ghlúin eile: McConville, McGrane, Paddy McKeever agus na deartháireacha McEntee; Bellew, Ronan Clarke agus dár ndóigh, Kieran McGeeney. Dooher, Canavan, Mulligan, Hughes, McMenamin agus na deartháireacha Cavanagh atá ann i gcónaí.

An mbeidh a leithéid d’imreoirí agus de choimhlint arís againn?

Cuimhní m’óige, imreoirí iontacha, laethanta samhraidh i gCluain Eois agus an bóthar úd go Páirc an Chrócaigh.

Ar bhealach, bheadh sé furasta go leor a shamhlú gur imir Ard Mhacha cluiche mór s’acu don samhradh seo Dé Sathairn i gcoinne Chill Dara, ach ag éisteacht leis na hagallaimh iar-chluiche, agus ag éisteacht fiú amháin leis an Gooch agus le Brian McGuigan ar an Sunday Game oíche Dhómhnaigh, bímis cinnte de nach mbeidh Tír Eoghain ag déanamh talamh slán de dhúshlán na bhfear oráiste.

Ag 4in Dé Sathairn déanfar dearmad ar na cuimhní iontacha sin ar feadh uair go leith, agus súil ag lucht tacaíochta agus imeartha an dá chontae cuimhní as an nua dá gcuid féin a dhéanamh.

Go n-éirí leo…