Rio de Charraig Dhubh
O Cristo Redentor na Gaillimhe

Tá Scoil Ghnó na Gaillimhe ag cur le spiorad ceiliúrtha na gCluichí Oilimpeacha i gCathair na dTreabh agus samhail de ‘O Cristo Redentor’, dealbh chlúiteach Rio de Janeiro, curtha ar dhíon na scoile ar Bhóthar na Trá acu.

Tarraingíodh aird ar an dealbh maidin inné ar na meáin shóisialta agus í le feiceáil ina seasamh ar an phromanáid, thíos ag an Charraig Dhubh, ag amharc amach ar an fharraige.

Ag labhairt le NÓS dó, dúirt David Niland, chomhbhunaitheoir na Scoile Gnó a raibh lámh aici san fhiontar, go raibh siad ag iarraidh tacaíocht a léiriú d’fhoireann Oilimpeach na hÉireann agus do thíortha eile a bhfuil mic léinn astu ag freastal ar an scoil.

“Tá daltaí idirnáisiúnta ón Bhrasaíl agus ó thíortha eile ag tabhairt faoi chéimeanna sa Scoil Ghnó agus faoi chúrsaí sa Bhéarla, agus bheartaigh muid an deis a thapú chun gach rath a ghuí ar fhoireann Oilimpeach na hÉireann agus aitheantas a thabhairt do na daltaí idináisiúnta atá againn anseo agus do na tíortha eile atá ag glacadh páirte sna Cluichí,” ar sé.

Mhínigh David gur shnoigh beirt ealaíontóirí, Margaret Nolan agus Dara Lamb, an deilbhín as polaistiréin le sábha slabhracha (chainsaws).

Le crann tógála a cuireadh an dealbh in airde ar dhíon na scoile, agus tháinig foireann rigeálaithe ar bord chun an dealbh a cheangal go sábhailte.

Beidh O Cristo Redentor na Gaillimhe le feiceáil ar dhíon Scoil Ghnó na Gaillimhe go dtí deireadh na gCluichí.

Beirigí bua, a lúthchleasaithe iontacha Oilimpeacha!