‘Rith 5km Shin Sheáin’ ar siúl ar fud na Gaeltachta amárach

Amárach Oíche Shin Sheáin agus beidh na tintreacha á lasadh ar fud na Gaeltachta agus ceiliúradh ársa á dhéanamh ar ghrianstad an tsamhraidh. Tá ‘Rith 5km Shin Sheáin’ eagraithe ag Pleanálaithe Teanga na Gaeltachta mar chuid den cheiliúradh ar an tseanfhéile. 

Is féidir páirt a ghlacadh san imeacht spóirt mar dhúshlán pearsanta nó mar rás agus dul in aghaidh reathaithe eile ar fud na Gaeltachta. Caithfidh na rannpháirtithe a bheith lonnaithe sa Ghaeltacht agus caithfear an rith 5km féin a dhéanamh sa Ghaeltacht. Beidh ar iomaitheoirí GPS, nó na haipeanna MapMyRun nó Strava a úsáid le taifead a dhéanamh ar a n-iarracht agus a n-am. 

Caithfear an 5km a chríochnú idir 07.00 agus 22.00 amárach Oíche Shin Sheáin (23 Meitheamh), agus caithfear é a dhéanamh amuigh faoin aer – ní chuirfear iarrachtaí a ritheadh ar mheaisíní reatha san áireamh. Seolfaidh na hiomaitheoirí pictiúr den dáta ón aip taifeadta spóirt chuig na hOifigigh Pleanála Teanga faoi dheireadh an lae amárach (23.00). 

Bronnfar bonn speisialta ar gach duine a ghlacfaidh páirt sa dúshlán agus beidh duaiseanna ann do na fir agus na mná a thiocfaidh sa chéad, dara, agus tríú háit. Beidh rannóg eile duaiseanna ann do dhaoine atá os cionn an leathchéid. Fógrófar buaiteoirí an rása Dé hAoine. 

Is féidir clárú leis an imeacht anseo.

Níos luaithe i mbliana reáchtáil na Pleanálaithe Teanga ‘Comórtas Reatha na Gaeltachta’, comórtas a bhuaigh colúnaí cócaireachta NÓS Aoife Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne.