Suaitheantas Gaeilge deartha ag Bohs dá gcomóradh 130 bliain

Beidh suaitheantas Gaeilge ar gheansaithe an chumainn sacair Bohemians in 2020.

Bunaíodh an Cumann Peile Bóithéamach i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1890 agus beidh an cumann sacair ag ceiliúradh 130 bliain a bhunaithe an bhliain seo chugainn.

Beidh geansaí nua á eisiúint ag an gcumann le comóradh a dhéanamh ar an gcloch mhíle mhór seo, agus roghnaigh lucht an chumainn suaitheantas i nGaeilge a chur ar an ngeansaí nua.

‘An Cumann Peile Bóithéamach, Baile Átha Cliath’ atá scríofa ar an suaitheantas nua, chomh maith leis na focail Bhéarla ‘Dublin’s Originals, 130 Years’. 

Dúirt stiúrthóir tráchtála agus margaíochta an chumainn ar Twitter inné go bhfuil an ghné áitiúil den chumann sacair thar a bheith tábhachtach agus gur mar gheall ar an ngné sin a beartaíodh “teanga an tíoránaigh” a chaitheamh in aer agus “filleadh ar an nGaeilge”. 

Tá Bohs ar cheann de na cumainn sacair is sine sa tír agus d’imir siad i Sraith na hÉireann nuair a eagraíodh an comórtas sin den chéad uair in 1921. 

Beidh an geansaí nua ar fáil ó shiopa O’Neills ar líne go luath san athbhliain.