Tá cúpla alt scrÃofa agam faoi chás an imreora peile MeiriceánaÃ, Colin Kaepernick, agus an drochbhail a cuireadh air mar gheall ar a sheasamh in aghaidh drochÃde na bpóilÃnà in aghaidh daoine dubha.
NÃor imir sé le trà bliana, ón uair go ndeachaigh sé sÃos ar a ghlúin agus amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe á sheinm roimh chluichÃ. Ghlac sé leis an ‘seasamh’ seo, le haird a tharraingt ar lÃon na ndaoine dubha atá á gcaitheamh agus á marú ag póilÃnà i Meiriceá, go minic gan chúis ná fianaise.
Ó shin, tá an tslà bheatha a bhà aige caillte aige, tá sé tarraingthe óna chéile ag na milliúin, Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ina measc. Go tobann, le seachtain fógraÃodh go mbeadh siad ag tabhairt deis do Kaepernick taispeántas a dhéanamh ós comhair cóitseálaithe éagsúla in iarracht áit a fháil dó ar fhoireann éigin.
Sin togha, ach nà mórán fógra a tugadh do Kaepernick ná do na foirne éagsúla. Mar sin, is beag seans go n-éireoidh leis aon áit a fháil, agus má éirÃonn, nà haon fhoireann mór a bheidh ann, go háirithe agus é ag tarlú le linn an tséasúir imeartha agus foirne gnóthach cheana féin ag imirt cluichÃ.
Go deimhin, nÃl ach 11 foireann in ann glacadh le duine nua, as 32 foireann. InsÃonn sé sin a scéal féin.
Theastódh a leithéid go géar ó na Dallas Cowboys, ach b’fhearr leis an úinéir atá acu déanamh gan é mar gheall ar a agóid.
Tá sé ráite ag Kaepernick go bhfuil sé aclaà agus go bhfuil trà bliana caite aige ag fanacht leis an deis seo. In 2017, thóg sé cás in aghaidh na sraithe peile, ag rá gur fágadh gan conradh é mar gheall ar chlaonpháirtÃocht idir na húinéirà ar fad nár aontaigh leis.
Mà Feabhra, ba léir gur thuig na húinéirà nach n-éireodh leo ina aghaidh sa gcás, nó thuig siad nach mbeadh aon phoiblÃocht mhaith le fáil as agus tháinig siad ar réiteach prÃobháideach leis. Nà fios cé mhéad airgid a fuair sé, ach seans maith nach raibh a dhóthain ann.
Tá rudaà sa saol atá nÃos tábhachtaà ná peil agus spórt, creid nó ná creid é. Ach is minic gurbh iad na lúthchleasaithe a chaitheann solas ar na mórcheisteanna sóisialta. Sheas Muhammad Ali in aghaidh na n-údarás tráth, agus d’fhulaing sé. D’Ãoc gleacaithe i Meiriceá as labhairt amach faoi dhochtúir a rinne ionsaithe gnéis ar ghasúir a bhà ag traenáil i dtreo na gCluichà Oilimpeacha.
Seans maith go bhfuil fulaingt déanta ag Kaepernick ón lá a rugadh é mar gheall ar an dath atá ar a chraiceann. Agus nuair a labhair sé amach, ag baint úsáid as an gcáil a bhà air, is fir gheala a chuir smacht air. Agus cén fáth nach ndéanfadh agus fear mór geal saibhir eile sa Teach Bán? Tiocfaidh an lá a bheidh náire ar Mheiriceá faoin scéal seo.