5 bhróg don samhradh
Sleamhnóirí, cuaráin mhaisithe & bróga scothógacha de gach sórt!

Pé áit a mbeidh muid an samhradh seo, tá moladh ag Eimhear Nig Uiginn dúinn faoi na bróga stílmhara ar fiú a bheith ag maisiú ár gcos! 


1. Sleamhnóirí

Is cinnte gur uasghrádú ar fhlip fleapanna atá i gceist le ‘sliders’ – stíl bróige atá go mór i réim an samhradh seo.

Ach, ná lig dóibh dallamullóg a chur ort – ní don linn snámha amháin atá siad agus ní ar mhná amháin atá siad dírithe.

Tógaigí amach bhur mbríste gearr, sciortaí, gúnaí agus bríste géine fiú agus gabh sa tóir ar na bróga seo atá maisithe le gach cineál ruda – fionnadh bréige agus seoda ina measc.

Is breá liom iad. Seo chugaibh trí phéire a mheall mo shúil ó ASOS  Primark/Penny’s agus River Island!


2. Bróga reatha

Tá mé cinnte nach mbeidh díomá ort má cheannaíonn tú péire bróg reatha an samhradh seo.

Ní bróga spórtúla atá i gceist agam ach macasamhail na mbróg gleoite seo thuas – atá ar fáil ó M&S faoi láthair.

Ar ndóigh, ní féidir linn bheith ag brath ar an aimsir in Éirinn agus in áit d’airgead a chaitheamh ar chuaráin a bheas ina luí i dtóin do vardrúis, faigh greim ar bhróga reatha bláthúla.

Gabhfaidh tú buíochas liom nuair atá na cosa te teolaí!


3. Buataisí dathúla

Is cinnte nach bhfuil muid réidh leis na bróga troma oibre s’againn a thógáil amach go fóill ach ní don gheimhreadh amháin atá na buataisí s’agat.

Tá dathanna agus dearaí láidre go mór chun tosaigh i mbliana agus is léir sin ó na bailiúcháin bróg atá tagtha chun cinn an séasúr seo.

Cé a shílfeadh go dtiocfadh cuma an tsamhraidh a chur ar bhuataisí?

Fág na wellies sa bhaile agus cuirigí ort na bróga bándearga faiseanta seo thuas chuig féilte agus ceolchoirmeacha.


4. Bróga a bhfuil frainse scothógach orthu

Ní gá a thuilleadh taighde a dhéanamh ar na bróga is coitianta an samhradh seo!

Oireann an stíl frainse do gach cineál bróige – cuaráin (mar atá thuas ó Topshop), sála ísle agus sála arda.

Más amuigh le haghaidh greim lóin atá tú nó ag gléasadh suas d’oíche leis na cailíní, tá rogha bróg ann d’achan ócáid.

Agus níos fearr arís, tá an stíl seo bróige le feiceáil i ngach fuinneog siopa i mbliana.

Gabh amach agus ceannaigh bronntanas beag duit féin – tá sé tuillte agat!


5. Cuaráin mhaisithe

Déan dearmad ar na cuaráin shimplí, leadránacha sin a bhí le feiceáil anuraidh.

Níl baint ar bith ag an nath cainte ‘less is more’ le stíl bróig na bliana!

Gabhaigí thar fóir anois leis na dathanna agus leis na dearaí.

Buntáiste beag sa bhreis ná go gcuirfidh na dathanna geala seo cuma níos dorcha ar do chraiceann.

Scaoil amach na lúidíní, a chairde!