Cailín “ró-rua” coiscthe dul ar scoil
Dath gruaige i lár conspóide oideachais


Tá cosc curtha ar chailín meánscoile freastal ar ranganna siocair go bhfuil a cuid gruaige “ró-rua”.

Is rua nádúrtha í Emily Reay as Cumbria Shasana ach cuireann sí dath sa bhreis ina gruaig chun a cuid ruachta a threisiú.

Tá an dath céanna uirthi le trí bliana anuas ach le déanaí dúirt múinteoirí ó Mheánscoil na Tríonóide i gCathair Luail léi nach raibh cead aici teacht ar ais ar scoil go dtí gur laghdaigh sí gile a ribí rua.

“Bhí fearg an domhain orm ar dtús,” arsa Emily, 17, “ach ansin pléasc mé amach ag caoineadh.”

“Tá an dath céanna ar mo chuid gruaige le tamall maith anois agus ní dhearna aon duine tagairt dó go dtí seo.”

In ainneoin gur rugadh rua í, deir an scoil go gciallaíonn beocht a ruachta anois go bhfuil Emily sa rannóg chéanna le daoine a bhfuil dathanna “mínádúrtha”, ar nós gorm nó glas, ar a gcuid gruaige.

Cosúil le go leor eile, is dlúthchuid dá féiniúlacht í gruaig an tSasanaigh óig agus ní athróidh sí an dath ar ór ná ar airgead.

“Baineann sé le mo mhuinín,” ar sise.

“Dá mbeadh orm an rua a bhaint amach, chaillfinn é sin.”

Ní fios go fóill cén chríoch a bheas leis an chonspóid ach tá dlúthpháirtíocht le Emily á léiriú ag an chine rua as gach cearn den domhan tríd na meáin shóisialta.