Cén cineál craicinn atá agatsa?
Seo an bonnsmideadh cuí duit

Tá sé tábhachtach bheith ar an eolas faoin chineál craicinn atá agat.

Cén fáth?

Bhuel, mura bhfuil a fhios agat, ní bheidh tú in ann dul i ngleic mar is ceart le fadhbanna éagsúla cnis.

Agus, a chailíní go háirithe, téann an cineál craicinn atá agat i bhfeidhm ar an dóigh a suíonn do chuid smididh!

Tá trí phríomhchineál craicinn ann – craiceann tirim, gnáthchraiceann agus craiceann olach.

Mura bhfuil tú cinnte faoi do chraiceann féin, b’fhiú go mór dul go seastán áilleachta agus cuirfidh siadsan ar an eolas tú.

Sin ráite, tá trí phrímeálach (nó bonnsmideadh) ar leith luaite agam thíos le cur faoi do smideadh a chuideoidh go mór le cuma níos fearr a chur ar do chuid oibre.


1. Craiceann tirim

Seans go dtugann tú faoi deara go mbíonn do chraiceann ag imeacht ina screamhóga nó go mbíonn do smideadh ag greamú de ghiotaí áirithe de d’aghaidh.

Más amhlaidh atá, tá an prímeálach seo (Hydra-veil – €37.95) de dhíth ort.

Tá sé cosúil le hinstealladh uisce don chraiceann agus feicfidh tú an-difear ar an dóigh a suíonn do chuid smididh ar d’aghaidh.


2. Gnáthchraiceann

Nach ort atá an t-ádh mura bhfuil fadhb ar bith agat le do chraiceann!

Sin ráite, caithfear prímeálach a úsáid thíos faoi do smideadh.

Líonfar isteach na roic bheaga ar d’aghaidh, rud a ligfidh don bhonnsmideadh dul ar an chraiceann go deas cothrom.

Bain triail as an phrímeálach deas saor seo ó Barry M (Flawless Original Primer – £6.45).


3. Craiceann olach

An bhfuil rud ar bith níos measa ná an aghaidh lonrach sin sna pictiúir ón oíche roimhe?

Is minic gurb é sin an cás nuair atá craiceann lán ola agat.

Tá an prímeálach seo (Supermatte antishine – £13.75) dochreidte agus coinneoidh sé an lonrach sin faoi smacht.

Fiú mura bhfuil craiceann olach agat, b’fhiú an prímeálach seo a chur ar an ‘T-zone’ s’agat sna hoícheanta te samhraidh sin.


Aguisín: Seans go bhfuil meascán de na cineálacha craicne seo agat.

An rud atá le déanamh ansin ná úsáid a bhaint as cúpla prímeálach difriúil ar na háiteanna cuí.