Éadaí le caitheamh sa tréimhse seo idir shéasúir

Is minic a bhíonn muid ag streachailt idir stíl an tsamhraidh agus stíl an gheimhridh sa tréimhse seo idir shéasúir ina bhfuil muid faoi láthair.

Níl sé luath go leor le hata agus scairf a chaitheamh ach caithfear na barra gairide a chur ar leatoabh mar gheall ar an fhearthainn.

Tá feisteas iomlán curtha le chéile agam thíos don am seo bliana chomh maith le roinnt leideanna chun teacht slán ón tréimhse idir shéasúir.


1. Buataisí bróidnithe / Primark, £16

Tháinig na cuaráin bhróidnithe go mór chun cinn i rith an tsamhraidh agus beidh an stíl sin ag fanacht linn agus muid ag teacht isteach ar aimsir an gheimhridh.

Is breá liomsa na buataisí bróidnithe don am seo bliana.

Cé go bhfuil an bhróg féin fóirsteanach don aimsir taobh amuigh, cuireann an fhuáil cuma ghleoite an tsamhraidh orthu go fóill.

Chaithfinn iad le luiteoga leathair sa tréimhse idir shéasúir seo nó cuir ort bríste gairid deinime le péire riteoga mogallacha.


2. Luiteoga leathair / Primark, £6

Tá na luiteoga leathair i bhfaisean le blianta beaga anuas agus níl sé sin ag athrú i mbliana.

An rud is fearr faoi na luiteoga seo ná gur féidir iad a ghléasadh suas le péire sála arda nó is féidir iad a choinneáil neamhfhoirmeálta le cuaráin.

Tá daoine den bharúil nach féidir leathar a chaitheamh i rith an tsamhraidh ach ní fíor sin – b’fhiú leathar daite a chaitheamh agus tá an dath dearg go mór i bhfaisean i mbliana.

Agus muid ag tarraingt ar an gheimhreadh, bheadh na luiteoga leathair go mór ag teacht leis na buataisí glúine sin atá agat le blianta 😉


3. T-léine stríocach / H&M, £6.99

Déarfainn go bhfuil t-léine shimplí againn uilig sa vardrús nach dtugann muid mórán airde air.

Bhuel, tóg amach é mar beidh sé úsáideach ag an am seo bliana.

Cé go bhfaca muid na t-léinte bannaí ceoil ag tús na bliana, b’fhearr na dathanna agus na pátrúin a choinneáil simplí anois.

Tá an t-léine stríocach seo ó H&M foirfe dá leithéid – galánta le bristí géine nó le brístí gairide géine (ag brath ar an aimsir, ar ndóigh).


4. Seaicéad ildaite / Primark, £17

Is annamh is féidir linn dul amach in aimsir na hÉireann gan seaicéad de chineál éigin orainn!

Sin ráite, ní gá seaicéad dorcha a chaitheamh – b’fhearr dul sa tóir ar sheaicéad ildaite duit féin.

Ar an dóigh sin, beidh tú clúdaithe ó thaobh na haimsire de agus beidh cuma gleoite ar d’fheisteas ag an am céanna – IS féidir an dá thrá a fhreastal!

Comments are closed.