Faisean: cara nó namhaid?
Ár gcaidreamh lenár n-éadaí

Caitheann Siún Ní Dhuinn súil ghéar ar shaol agus ar fhealsúlacht an fhaisin, agus deir sí go gcaithfear muinín a bheith againn as cumhacht an chófra.


Gach maidin, creidim go gcruthaíonn tú tú féin as an nua; téann tú ag póirseáil sa chófra agus fíoraíonn tú duine úr as an gcaoi a gcaitheann tú a bhfuil ann.

Tagraím anseo do bhean darb ainm Iris Apfel, bean a bhfuil trí bliana déag agus ceithre scór bainte amach aici, agus a bhfuil tionchar aici fós ar fhaisean an lae inniu.

Iris, scannán faisnéise bunaithe ar shaol na mná seo, sna pictiúrlanna anois agus ba dheacair gan a bheith spreagtha ag a fuinneamh, dearcadh agus splanc don saol a léiríonn sí ann.

Tá droch-cháil ag tionscadal an fhaisin i measc an phobail mhóir, creidim.

Cuirtear ina leith gur tionscadal é a chuireann le fadhbanna meabhairshláinte trí íomhánna míshláintiúla a chur os ár gcomhair, a chuireann páistí óga ag obair i monarchana contúirteacha i gcoinníollacha atá náireach agus neart, neart eile.

Tá an dá rud sin fíor, cinnte agus níl na peacaí sin á gcosaint agam ach abair liom seo, an bhfuil tionscadal ilbhilliúin ann nach bhfuil ciontach as leas a bhaint as daoine, idir mhí-ionramháil mhothúchán agus teacht i dtír ar fhostaithe leochaileacha?

Ar an leibhéal is bunúsaí, is foirm ealaíne é faisean, go príomha.

Is é sin go gcuireann sé mothúcháin in iúl agus, macasamhail foirmlí ealaíne eile, baineann an chaoi go mbreathnaítear ar an ealaín ar mheon an duine atá ag féachaint air.

Is minic a spreagtar dearthóirí faisin ag cultúir éagsúla an domhain, nó cuimhní ar a n-óige nó píosa ealaíne eile le dul i mbun a gceirde.

Ach a luaithe agus a dhéantar na héadaí sin, agus a chuirtear ar fáil don phobal iad, tá an chiall sin athraithe go deo mar nach ionann intinn an dearthóra agus intinn na ndaoine a cheannaíonn iad – is colcheathracha iad bás an údair agus bás an dearthóra is léir.

eadai

D’fhreastail mé ar chúrsa ceannaireachta a bhí dírithe ar mhná le déanaí agus i measc míle rud eile (sin ábhar ailt do lá eile!), pléadh cúrsaí faisin i gcomhthéacs cumhachta.

Labhair bean nó beirt faoin mbuairt a bhíonn orthu an iomarca dá gcuid feimineachais a chur in iúl san obair, i. dá gcaithfidís cultacha dubha, ‘fearúla’ go dtógfaí ní ba dháiríre iad i gcomhthéacs oibre.

Agus í ag freagairt cheisteanna na mban, labhair éascaitheoir an chúrsa faoi dhá shampla a bhí aici; Angela Merkel, bean chumhachtach a bhfuil stílí gairmiúil fostaithe aici a dhéanann cinnte nach scríobhtar faoi éadaí Merkel, a chuidíonn léi an stíl chéanna a chur os ár gcomhair, lá i ndiaidh lae. De réir dealraimh, má theipeann ar an stílí ina p(h)ost, agus má tharraingítear aird ar éadaí Angela, tugtar bata agus bóthar dó/di.

Ar an lámh eile, luaigh sí cara eile, atá ag obair mar idirbheartaí agus a dhéanann a mhalairt i. má tá cruinniú dúshlánach le bheith aici, roghnaíonn sí an rud is ‘banúla’ ina cófra don lá sin.

Creideann sí go gceistíonn an dá inscne a cumas go fochoinsiasach, agus is ansin a fhaigheann sí deis a cuid a bhaint amach.

Cheap mé go raibh cás Mherkel an-spéisiúil ach go háirithe, ar chúpla cúis.

Braithim go bhfuil sé de nós ag daoine cúrsaí faisin a shamhlú lámh le lámh le leitheadas, daoine atá gafa leo féin agus léar mór tréithe pearsanta nár mhaith leat!

Ní shamhlaítear spéis i bhfaisean sa domhan céanna le spéis i gcúrsaí spóirt, nó i gcarranna nó sa scríbhneoireacht chruthaitheach srl.

Déanann Apfel cás an fhaisin a chosaint go maith, is léir sa scannán go mbaineann sí spraoi as na rudaí a chaitheann sí.

Ceistíonn a tiomantas agus paisean an seanphort céanna nach bhfuil faisean ann ach do dhaoine óga, a bhfuil cruth coirp faoi leith acu.

Ní duine í a cheapann gur gá airgead mór a chaitheamh ar éadaí le go mbeidís luachmhar don duine ach oiread, cé go bhfuil an dara bailiúchán is mó ar domhan d’oiriúintí haute couture aici.

Tá comhluadar maith aici ar an mblag Advanced Style, a ndearnadh scannán as (ar fáil ar Netflix), a thugann léargas ar mhná atá níos sine agus ag a bhfuil dúil mhór i gcúrsaí faisin i Nua-Eabhrac.

Tugann Ari Seth Cohen, scríbhneoir an bhlag, le fios gur údar dóchais iad na mná seo gur féidir spraoi a bhaint as faisean, agus an saol dá réir, is cuma cén aois thú.

Fíoraíonn na daoine seo nach gá géilleadh de sheantuiscintí na haoise a thuilleadh ach go bhfuil cúis gléasadh suas, agus cúis cheiliúrtha ann i gcónaí.

Is minic a bhíonn muinín na nÉireannach óg faoi chaibidil ag na meáin, ach a dhonacht agus atá an dream óg in Éirinn, feictear dom go gcailltear formhór mhuinín daoine agus iad ag dul in aois agus nach labhraítear faoi go forleathan.

Cloítear le ‘rialacha’ faisin nár cheart a bheith ann, pléitear ‘éadaí a chaithinn nuair a bhínn óg’ agus creimtear pearsantachtaí indibhidiúla dá réir.

Mar sin, cruthaigh agus athchruthaigh tú féin gach aon lá, creid i gcumhacht an chófra!


Íomhá: Nata Branttes