Marty Morrissey “i ngrá” le bean TG4
& chun Gaeilge a fhoghlaim dá barr!


Tá Marty Morrissey tar éis titim i ngrá le láithreoir álainn aimsire TG4, Fiona Ní Fhlaithearta.

Thug an craoltóir aitheanta an méid sin le fios ar Twitter i ndiaidh dó bualadh le bean Chamais ag Gradaim Stíle VIP i mBaile Átha Cliath oíche Aoine.

Bhí Fiona in iomaíocht le aghaidh ‘An Duine Nua is Faiseanta’ nuair a tharraing sí aird Uí Mhuirgheasa agus chuaigh sí i bhfeidhm ar Marty an oiread sin go bhfuil sé anois ag smaoineamh ar an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Is dóigh liom go bhfuil mé i ngrá,” ar seisean lena 45,000 leantóir ar Twitter.

“Fiona Ní Fhlaithearta ó TG4 – ceapaim go bhfuilim chun an Ghaeilge a fhoghlaim… anocht!”

Is cinnte nach Marty amháin a bhí meallta ag bean TG4 agus í galánta gleoite ag déanamh ionadaíochta ar son na nGael i measc cheiliúráin na tíre.

Maith thú Fiona!


Léigh ‘60 Soicind le Fiona’ anseo.