Sciúradh an Earraigh
Seo rogha éadaí nua don séasúr geal

Anois teacht an Earraigh tá spéirbhean na stíle Emma Ní Chearúil ag súil leis na riteoga tiubha a bhaint di agus geansaithe an gheimhridh a chur i bhfolach go ceann tamaill eile. Ach cad a bheidh á chaitheamh aici ina n-áit? 


Seaicéad le maisiú cleite

An fhadhb leis an earrach in Éirinn ná nach bhfuil aon chineál amháin aimsire ná teocht lenar féidir linn bheith ag súil.

Mar sin tá cóta riachtanach agus, cé go bhfuil seans nach bhfuil an ceann seo go hiomlán praiticiúil, is cinnte go bhfuil sé cúláilte.

Chomh maith le bheith faiseanta don earrach, bheadh sé iontach ag féilte an tsamhraidh!

Beidh mé go mór in éad má cheannaíonn duine ar bith de léitheoirí NÓS an cóta seo sula mbíonn deis agam mo chuid pinginí rua a bhailiú… tá sé uaim go géar!

Praghas: €69 / £59 ó Zara


Cultacha Bándeirge 

Ar an gCéadaoin, caitheann muid bándearg, nó lá ar bith le linn an earraigh seo, de réir dealraimh!

Is é bándearg dath an tséasúir agus caithfidh mé a admháil, cé nach bhfuil rud ar bith bándearg i mo sheilbh agam, seans go mbeinn meallta ag rud éigin cosúil leis an mbríste seo.

Cén mhaith triail a bhaint as mura bhfuil tú chun an rud is gile atá ar fáil a roghnú?

Praghas: €24.99/ £19.99 ó New Look


Gúna veilbhite

 

Níl veilbhit ag dul áit ar bith is cosúil, agus nach mise atá sásta faoi.

Bheadh gúna mar an ceann seo mar sheoid dheas i aon chófra, toisc go mbeadh sé oiriúnach d’oíche amuigh nó imeacht foirmeáilte, ach go hálainn agus beagán éagsúil freisin thar t-léine le graificí ar an mbrollach le linn an lae!

Praghas: €22.99/£17.99 H&M


Mála beag 

Má tá tú cosúil liom féin an samhradh seo agus ag iarraidh airgead a shábháil in áit a chaitheamh, b’fhéidir nach smaoineamh iontach é do chófra a líonadh le héadaí nua don séasúr.

Mar sin féin, is deas bronntanas beag a cheannach duit féin ó am go chéile, agus chuirfeadh mála nó píosa seodra snas nua ar do chuid cultacha gan mórán costais.

Praghas: €39.95/ £29.99 ó Zara


Gúna álainn buí 

Bíonn an grá san aer an tráth seo den bhliain agus más ag dul ar dháta atá tú nó ag freastal ar bhainis nó ócáid, ag siúl ar an trá nó díreach ag caitheamh an lae i gcomhluadar do chlainne sa mbaile, tá gúna cosúil leis an gceann seo foirfe.

Athraigh do bhróga, caith béaldath geal nó cuir seodra éagsúil ort féin agus beidh an t-aon phíosa amháin seo oiriúnach do chuile cheann de na himeachtaí sin – is infheistíocht a bheadh ann… a deirim liom féin!

Praghas: €39.99 / £29.99 ó Zara