Smideadh an tSamhraidh…
Rogha Eimhear Nig Uiginn de na táirgí is fearr!

Agus laethanta geala an tsamhraidh fós linn, chuaigh Eimhear Nig Uiginn ag lorg na dtáirgí smididh is fearr don séasúr.


1. Feabhsaitheoir / Cover FX Drops

Thosaigh mé ag úsáid na mbraonta beaga draíochta seo ag tús an tsamhraidh agus níor stop mé ó shin.

Bain úsáid as cúpla braon measctha le do bhonnsmideadh chun cuma mhaoithneach a chur ar d’aghaidh.

Chomh maith leis sin, cuir braon faoi do ghnáthaibhsitheoir agus beidh tú ag lonrú an lá ar fad.

Ní thiocfadh liom a bheith gan an táirge seo anois – foirfe i rith an lae agus ar oíche amuigh.

Is breá liomsa na ‘Cover FX Drops’ agus is féidir iad a fháil ó ‘Beauty Bay.’

Bainim féin úsáid as an imir ‘Sunlight.’


2. Pionsail malaí / Precisely My Brow

Ní hamháin nach dtiocfadh linn a bheith gafa le malaí móra tiubha a tharraingt orainn féin ach níl an stíl smididh sin i bhfaisean an samhradh seo!

B’fhearr i bhfad malaí nádúrtha gan struchtúr agus tá an pionsail malaí seo ó ‘Benefit’ foirfe dá leithéid.

Tá an peann chomh tanaí sin nach féidir ach cruth gruaige a tharraingt ar do mhalaí.

Agus níos fearr arís, ní thógfaidh sé ach bomaite le do mhalaí a dhéanamh!


3. Donnaitheoir leachtach / Dew the Hoola

B’fhearr i bhfad smideadh leachtach a úsáid i rith an tsamhraidh mar go mbíonn cuma níos nádúrtha air.

Bhainfinn úsáid as donnaitheoir leachtach agus mé ar laethanta saoire go háirithe.

Cuir an donnaitheoir faoin dá chnámh leicinn agus déan dearmad faoin bhonnsmideadh – tabhair sos do do chraiceann agus bain leas as dath na gréine.

Cleas beag eile; cuir an donnaitheoir thíos faoi agus os cionn na ndealrachán agus cuir aibhsitheoir ar na dealracháin féin – gabh buíochas liom níos moille 😉


4. Snás béil / NYX san imir Celestial & Línitheoir liopa / Primark san imir ‘Toffee’

Cé go mbíonn muid ag scaoileadh saor na ndathanna geala i rith an tsamhraidh, is deas na liopaí a choinneáil neodrach go leor – rud a chuireann cuma chaolchúiseach ar an smideadh.

Dathaigh isteach taobhanna na liopaí le línitheoir pincbhéasa agus bain úsáid as snás béil ar a bharr – coinnigh an béaldath don gheimhreadh!

Bainim féin úsáid as na táirgí seo le chéile.


5. Peann súl / NYX Jumbo Eye Pencil

Is táirge beag úsáideach agus ilfheidhme é an peann luaidhe seo ó ‘NYX.’

Bain úsáid as an dath óir mar línitheoir súl nó ar an chaipín súile.

Chomh maith leis sin, cuir píosa beag de i lár na liopaí le cuma níos mó a chur orthu.

B’fhiú an táirge seo a bheith i do mhála láimhe i rith an tsamhraidh – ní rachaidh sé amú!

Bainim féin úsáid as an imir ‘Sparkle Nude.’