Stíl na bhFéilte Samhraidh
á cíoradh ag Ciara Ní Éanacháin!

Cíorann Ciara Ní Éanacháin stíl na bhféilte Samhraidh agus cuireann sí comhairle orainn faoi cad is fiú a thabhairt linn ón vardrús ar dheireadh seachtaine mór ceoil agus scléipe!


Féilte ceoil. Cén tarraingt atá ann?

An ceol?

Bíonn daoine áirithe ag féilte ceoil a fhanann san ionad campála an t-am ar fad i mbun ólacháin.

Is deacair a mhothú go bhfuil an ceol tábhachtach dóibh in aon chor.

Is maith na daoine sin a bheith ann, áfach.

Tá ticéid acu, ach nuair a fhanann siad san ionad campála, bíonn seans níos fearr ag an gcuid eile againn a bheith gar don ardán!

An amhlaidh go mbítear ag freastal ar fhéile cheoil ar chúiseanna eile seachas an ceol?

An é go mbíonn daoine spreagtha ag an ól (nó eile…)?

An é go bhfuil grianghraf nua do Facebook uathu ina bhfuil siad ag caitheamh festival chic?

Nó b’fhéidir gur mhaith leo grianghraf a ghlacadh de phíosa galánta ealaíne a bheadh an-deas ar Instagram.

D’fhéadfá a bheith ag mothú nach féile ar chor ar bith í ach photo op.

An bhfuil mé róshoiniciúil (ar mhaithe liom féin)?

Gabh mo leithscéal.

Feictear na mílte pictiúr ar líne de dhaoine ar fud na cruinne ag freastal ar fhéilte ceoil, agus an chuma cheannann chéanna orthu uile, beag beann ar an áit a bhfuil siad.

Agus is í an chuma chéanna í a bhíonn orainne anseo in Éirinn.

Tuigim go bhfuil faisean domhanda againn anois; ní féidir é a sheachaint.

Agus go háirithe agus muid mar chuid d’iarthar an domhain, glacaim leis go ndéantar iarracht na faisin chéanna a dhíol anseo agus a dhíoltar gach áit eile.

Is taoide dhosheachanta é an mórchultúr Meiriceánach agus mairimid faoi thionchar na nósanna úd, bíodh an caife a ólaimid ar maidin i gceist, an siopa Meiriceánach ina gceannaímid ár gcuid fobhrístí, nó an chaint awesome bhréag-Mheiriceánach a chloisimid ó bhéal na gcomharsana.

Ach tá rud éigin níos aistí arís faoi chomh fada agus a bhaineann sé le féilte ceoil.

Bíonn daoine ag ceannach éadaí i gcomhair féilte ceoil, ag tabhairt airgid do na comhlachtaí móra le bheith gléasta mar dhuine boho nó hipí. #íoróin

festival chic

Tá rannóg speisialta ar na suímh mhóra ag leithéidí Asos agus Topshop do festival fashion. An chomhairle ó Topshop ná:

“Denim cut-offs, floral garlands, fashion wellies – you know the drill. We love our festival essentials, but how about mixing it up this summer? From luxe bohemia to rocking a heel, we’re championing individual style with these new ideas – who said festival needs a uniform?”

Fiú bunriachtanas sin na féile, an choróin bhláthanna – nár shiombail álainn é sin tráth? Bláthanna áille fiáine a phiocadh de lámh – iontas an nádúir, gan iachall ort airgead a thabhairt air!

Nach gcailltear an siombalachas sin nuair a cheannaítear ceann, go háirithe nuair a smaoinímid gur minic gur i ndrochdhálaí a bhíonn oibrithe na gcomhlachtaí móra sin ag saothrú a mbeatha?

Tá tuairiscí ann faoi phá íseal, faoi fhoirgnimh a bheith ag titim anuas, agus faoi dhaoine a bheith ag fáil bháis.

An amhlaidh go bhfuil an fhírinne uafásach sin ceilte ar dhaoine, nó an é nach smaoiníonn siad ar an áit as a dtagann a gcuid éadaí d’aon ghnó?

Fadhb eile a bhíonn agam go pearsanta le faisean na bhféilte ná go bhfuil roinnt de na héadaí míchompordach, míphraiticiúil – agus ní fheicim a macasamhail i gcás na bhfear.

Is cuimhin liom go maith a bheith ag Body and Soul na bliana seo caite.

Bhí an lá go hálainn agus muid ag fágáil Bhaile Átha Cliath, agus bhí mé ag caitheamh bróga reatha, (sean)ghúna agus geansaí mór.

Ó, agus bhí mála liom toisc nach raibh aon phócaí in aon rud a bhí á chaitheamh agam. Le titim na hoíche, bhí mé fuar.

Agus bhí an mála trom agus míchompordach agus mé ag damhsa.

Ansin bhreathnaigh mé ar na fir i mo thimpeall. Bhí an chuid is mó acu compordach – agus iad ag caitheamh FÍOR-ÉADAÍ.

men

Brístí fada. Geansaithe deasa.

Seaicéid a raibh pócaí móra iontu, mór go leor lena gcuid cannaí beorach a chur iontu.

Is éasca a bheith ag magadh faoi fhaisean na bhféilte, ach ag an am céanna is deas a bheith ag gléasadh suas, gan rialacha an ghnáthshaoil i bhfeidhm ar ár gcuid roghanna.

Tá sé spraíúil!

Tar éis Body and Soul, d’athraigh mo mheon.

Chuimhnigh mé ar a bheith in éad leis na fir agus a n-éadaí compordacha.

Agus ag an am céanna, thuig mé gur mise a roghnaigh mo chuid éadaí féin.

Cinnte, tá mise, mar aon bhean, faoi thionchar an tionscadal faisin, agus is mór an chumhacht atá ag an tionscadal céanna.

Ach is bean fhásta mé agus tá ciall agus réasún agam.

An féidir an dá thrá a fhreastal?

Is dóigh liomsa gur féidir!

Is féidir spraoi a bhaint as gléasadh do na féilte ar bhealach nach mbaineann na comhlachtaí móra olca brabús as agus éadaí compordacha a bheith ort freisin.

Sa chéad dul síos, caith sean-éadaí.

Tá buntáiste eile leo: nach mbeidh tú chomh buartha céanna faoi rudaí a stróiceadh, a chailliúint ná a leithéid.

Más gá duit rud nua a cheannach, faigh rudaí saora i siopa carthanachta.

Agus sa dara háit, bí praiticiúil!

Beidh an lá agus an oíche níos fearr má tá tú compordach.

Seo an cleas atá agam anois agus mé ag pacáil d’fhéilte ceoil: déanaim an phacáil san oíche nuair atáim tuirseach i ndiaidh lá oibre nó a leithéid.

Ní bhíonn aon am ag Ciara chantalach do rudaí neamhchompordacha.

Ina theannta sin, múchaim an teas sa teach, osclaím na fuinneoga, agus ligim don fhuacht teacht isteach.

Cuimhním ar rudaí teolaí a chur sa mhála ansin!

Ag an bPicnic Leictreach anuraidh, bhí mé breá sásta le mo chuid polo-necks, lámhainní agus buataisí siúil.

Ag deireadh an lae, ar ndóigh, féadfaidh sibh bhur rogha ruda a chaitheamh.

Ach nárbh fhearr mo chuid comhairle a ghlacadh seachas a bheith ag streachailt le do playsuit sa portaloo, préachta i mionsciorta, nó buartha faoi láib a fháil ar chulaith chostasach álainn?