Stíl nua ghruagach
tagtha i réim!

Idir stocaí fionnaidh, cultacha snámha ribeacha agus culaith reatha ghiobach, tá stíl nua ghruagach tagtha i réim i ngan fhios dúinn, a chairde.

Is é an siopa ar líne ‘What On Earth’ atá ag díol na stocaí aite seo thíos atá ar nós lapaí madaidh agus cait, agus iad ar cheann de thrí bhailiúchán fhiáine a cuireadh amach ar an mhargadh le déanaí.

“Bronntanas foirfe,” dar le lucht a ndéanta, a chuirfidh an dlaíóg mhullaigh ar fheisteas ar bith.

Cultacha snámha scáfair ‘Sexy Chest’ (thuas) an dara bailiúchán a tharraing ár n-aird in oifigí NÓS.

Ní gá ach breathnú orthu le fáil amach cén fáth.

Ó mhéideanna bídeacha go hollmhór, tá trí chineál dathanna curtha ar fáil ag an chomhlacht éadaí Beloved T-Shirts, a thagann le craiceann geal agus gorm.

Murar leor sin, tá barr éide agus bríste reatha ar díol ag an dream céanna a léiríonn colainn nocht ghruagach ó bhun go barr.

An rud is iontaí ar fad faoi ná go bhfuil tóir ar na hearraí seo!

Má tá barúil ag duine ar bith cad é a spreag an nós nua stíle seo, abraigí linn!