Tá d’fhéasóg níos salaí ná leithreas, seans
Nigh do mheigeall a chairde!


Tá ré na féasóige fós i réim ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin, ach dá mbeadh an fhírinne ar eolas ag gach fear féasógach b’fhéidir go smaoineodh siad ar bheith glanbhearrtha.

Chinn stáisiún raidió i Meicsiceo Nua SAM fáil amach cé chomh salach is atá féasóga áirithe agus chuaigh siad i mbun an taighde leis an chomhlacht Quest Diagnostics.

Glacadh samplaí gruaige ó roinnt féasóg agus rinneadh scrúdú orthu le haghaidh baictéar.

Bhí gnáth-leibhéalacha baictéar ag cuid de na féasóga ach an chuid eile, bhuel bhí an leibhéal céanna baictéar iontu is a bheadh le fáil thart ar bhabhla leithris.

Sea, leithreas!

Ar ndóigh, is ionann na torthaí seo agus léargas deifnídeach ar ghlaineacht na gnáth-fhéasóige ach cuireann sé i gcuimhne don chine féasógach gur ceart a chinntiú go níonn siad an ghruaig gach áit ar a gcloigne, ní díreach an barr!