Tá go leor foghlamtha agam ó throscadh an Charghais

Tháinig agus d’imigh Seachtain na Páise. Tréigeadh an Tiarna, céasadh é, d’aiséirigh sé agus chuaigh suas ar Neamh. Ar an lá a d’aiséirigh sé scaoil sé saor mé ó na híobairtí a bhí déanta agam ar feadh an Charghais.

Mar sin nuair a bhí píotsa na Cásca againn (bhí Mama agus Deaide ag obair mar sin is mise a bhí i gceannas ar réiteach an dinnéir agus diabhal fonn a bhí orm róstadh mór a dhéanamh) bhí gloine nó dhó fíona agam leis. 

Níor airigh mé uaim é ach ní raibh drogall ar bith orm é a shlogadh ach an oiread. Agus tá mé féin sásta leis an toradh sin. B’in é an chéad bhriseadh mór a bhí tógtha agam ón ól ó thosaigh mé dhá bhliain ó shin agus tá mé breá sásta gur féidir liom a rá nach bhfuil mé ag braith air ná nach ndeachaigh mé in andúil sa tréimhse sin ó bhain mé ocht mbliana déag amach. (Creid é nó ná creid ach d’fhan mé go dtí go raibh mé 18 le n-ól. Ní le teann ómóis do dhlí ar bith ach go raibh mionna tugtha agam faoi lámh easpaig agus ní fear mise a bhrisfidh geallúint más féidir liom é a sheachaint).

Tá mé á scríobh seo tráthnóna Dé Máirt agus mar sin go hiondúil, le linn an Charghais, bheinn ag smaoineamh ar an troscadh a bhí le theacht an lá dar gcionn. Tá mé saor ón troscadh sin anois agus tá mé ag súil go mór le cibé cén béile a bheidh againn Dé Céadaoin. 

Ach mar a scríobh mé anseo cheana tá go leor foghlamtha agam ón ocras sin. Tá mé chomh buíoch as an bhfáil atá againn anseo sa gCéad Domhan ar an mbia. Idir réimse leathan blasanna agus an lear mór de gach uile chineál ruda faoin spéir a d’fhéadfá a ithe, réidh le ceannach nuair a bhuaileann an dúil duine. Saor agus sciobtha. 

Mar sin ó tharla go bhfuil mé ag caitheamh díom na cuibhreacha a bhí tarraingthe agam orm féin ar feadh an scaithimhín ghearr sin tá sé iarrtha agam ar Dhia gan ligeann cead dom dearmad a dhéanamh ar an méid a thaispeáin sé dom le 47 lá anuas. 

Thairis sin diabhal mórán atá le rá agam. Tá súil agam go raibh Cáisc dheas agat agus go raibh carnán mór uibheacha romhat nuair a d’éirigh tú Domhnach Cásca. Na huibheacha is deise a rug coinín ar bith riamh (ná caith in iomarca ama ag smaoineamh ar an gceann sin)

Maidir liom féin tá mo charr ar ais sa ngaráiste. Chuaigh an fhuinneoig síos dom nuair a bhí an aimsir go deas ach ní raibh fonn uirthi a theacht aníos arís chomh héasca céanna. Bhí orm a bheith ag tarraingt ar chúl na fuinneoige an fhad agus a bhí sí ag teacht aníos le go dtiocfadh sí ar ais díreach. Ní bhíonn sé riamh éasca.

Ar aon chuma le cúnamh Dé ní bheidh muid scartha óna chéile i bhfad eile ama.