‘Tá leathvacsaín agam agus tá an aimsir go breá – tús maith leis an samhradh!’

Fuair mé mo vacsaín inniu! Moderna isteach sa lámh chlé agus 28 lá go mbeidh orm a ghabháil ar ais. Tá mé ar mhuin na muice mar a deir an ceann eile. Nó mar a deir Des Bishop – “tá mé chomh hapbhuí”.

Diabhal mórán a bhí le déanamh lena fháil ar chor ar bith. Bhí mé i mo sheasamh sa gcistineach ar maidin agus dúirt mé liom féin: “bhuel níl rud ar bith le déanamh agam inniu. Meastú an bhfuil vacsaín le fáil in áit ar bith?”. 

Isteach liom ar Google agus fuair mé suíomh a bhí á dtairiscint, chuir mé isteach mo chuid dindiúirí agus tháinig 22 ionad isteach ar an scáileán a bhí lonnaithe taobh istigh d’fhiche míle ón teach. Agus ní raibh ansin ach an t-aon sraith chógaslann amháin. Tá mé cinnte go raibh neart eile in áiteanna eile freisin.

Mar sin ag a haon déag ar maidin a d’oscail mé an ríomhaire agus faoin trí a chlog a bhí an tsnáthaid ag gabháil isteach i mo lámh. Bheadh cúpla mí eile orm ag fanacht leis sa mbaile agus níor thóg sé ach ceithre uair an chloig anseo. Cuir i gcuimhne dom a ghabháil ar ais ar an 11 Iúil, le do thoil. (Is mé an pleainc a dhéanfadh dearmad air go dtí cúig nóiméad roimh ré. É sin nó leaindeáil ag an doras acu an lá ina dhiaidh á thóraíocht)

Bhí mé ag Aifreann amuigh faoin aer ar maidin freisin. Rud nach bhféadfaí a dhéanamh in Éirinn go brách. Sagart as na Sé Chontaetha (go deas canúint Éireannach a chloisteáil. Cé a cheapfadh go n-aireoinn uaim an baile agus gan bailithe ach seachtain) agus muid uilig suite ar chathaoireacha trá i gclós spraoi na scoile Caitlicí áitiúla. Is cosúil gur nós é seo a thosaigh le linn Covid ach a thaitin le muintir na háite an oiread agus gur choinnigh siad é. Diabhal caill a bhí air. Bhí leaidín ann a ghlac a Chéad Chomaoineach. Bhí an aimsir go breá. Seanmóir álainn. Bhí sé go deas.

Tá trí lá oibre déanta agam freisin. Thar a bheith te. Damanta te. Agus meirbh. Obair thuirsiúil throm ach nuair a bhíonn mé tugtha uilig ag deireadh an lae agus an t-allas agus an salachar nite díom bíonn sólás éicint le fáil as sin. 

Tá an obair deacair ach bíonn craic agam le mo chara agus a chuid deartháireacha atá uilig thart ar an aois chéanna liom féin, agus le m’uncail agus mo chol ceathrair. Tá caidreamh oibre againn a dhéanann éascaíocht maidir leis an obair dhian. Bíonn craic agus magadh againn agus bíonn amanta a bhíonn orm cúpla soicind de bhriseadh a bheith agam mar gheall go mbíonn mé lagtha ag gáire. 

Mar sin tús maith leis an samhradh agus difríocht mór millteach ón naoi mí atá caite agam ag stánadh ar scáileán agus gan mórán agam dá bharr. Tá leathvacsaín agam, tá an aimsir agus an obair go breá agus tá an chraic thar barr. Tá Domhnaillín s’againne sásta!