Tá mé in go mór in éad le mo dheirfiúr sa Nua-Shéalainn

Go sábhála Dia sinn, tá Domhnall ag tabhairt amach faoin dianghlasáil arís. Bhuel caithfidh mé a rá go bhfuil mé go mór in éad le mo dheirfiúr.

Má tá aithne agat féin ar dhuine ar bith atá ag maireachtáil ar an taobh eile den domhan (rud atá thar a bheith coitianta in Éirin, faraor) tá mé cinnte go mbíonn tú ag dul tríd stories na ndaoine siúd ar Snapchat nó Instagram nó ag feiceáil pictiúir díobh ar Facebook agus an saol mar a bhí fadó fadó in 2019 á mhaireachtáil acu i mbliain seo ár dTiarna 2021.

Bhí ciall éicint ag rialtas éicint bliain ó shin, agus mar sin nuair a chuala Príomh-Aire na Nua-Shéalainne Jacinda Arderne go raibh drochthinneas ag scaipeadh go sciobtha tríd an tSín dhún sí teorannacha a tíre agus dá bhrí sin, bhí siad in ann smacht a choinneáil ar líon na gcásanna agus is ar éigean a d’athraigh an saol.

Ag an am céanna bhí Dáil Éireann ag dul thart agus méar ina mbéal acu faoi Lá Fhéile Pádraig agus ticéid ceannaithe ag slua mór Iodálaithe (an tír ba mheasa san Eoraip ó thaobh Covid ag an am) do chomórtas na Sé Náisiún agus gan srian ar bith curtha ar an taistil seachas “b’fhearr linne é, i ndáiríre, mura dtiocfadh sibh”. Gan trácht ar rásaí capaill thall i Sasana.

A Dhomhnaill, cén fáth a bhfuil tú á rá seo? Tá a fhios againn uilig é seo agus níl tú ach ag cur gruaim orainn. Bhuel cé atá níos fearr as anois? Tá mo dheirfiúr thall sa Nua-Shéalainn le cúpla bliain anuas agus chaon dara deireadh seachtaine bíonn sí ag déanamh rud nua le héad a chur ormsa. (Níl fianaise ar bith agam go bhfuil sí á dhéanamh d’aon cheird ach tá mé cinnte go bhfuil.)

Bíonn sí ag dreapadh suas ar chnoic agus ar bholcáin (cuireann an ceann sin faitíos ar mhama) agus ag campáil ann thar oíche faoi na réaltóga lena cairde. Mura mbíonn sí á dhéanamh sin déarfaidh sí linn “Beidh mé ag cadhcáil síos an abhainn seo ar feadh cheithre lá agus ní bheidh an fón ag obair”. Agus ansin Dé hAoine seo caite cá raibh sí bailithe ach chuig ceolchoirm. Slua mór millteach daoine agus chuile dhuine ag ól agus ag tabhairt gránna móra dá chéile agus gan gá le scaradh sóisialta. Bhí sé chomh haisteach a fheiceáil. 

Is cuimhneach liom nuair a bhí an chéad dianghlasáil againn agus chuile dhuine ag rá “ní bheidh rud ar bith mar a chéile ina dhiaidh seo. Siod deireadh go deo le daoine ag croitheadh lámh lena chéile ná ag pógadh a chéile nuair a chasann siad ar a chéile níos mó”. 

Ach má tá rud ar bith le foghlaim ó iompar na ndaoine nuair a thug an rialtas oiread na fríde de shaoirse dóibh is léir nach fíor sin. Cé gur pian sa tóin atá ann mar dá bhfanfadh daoine amach óna chéile seans nach mbeadh muid sa tríú géibheann faoin am seo, is deas a fheiceáil nach mbeidh Éireannaigh chomh fuar le muintir Chríoch Lochlann nuair a bheidh vacsaíní dáilte agus, le cúnamh Dé, an tír in ann oscailt arís.