‘Tá mé sásta a bheith bródúil as mo cholainn féin anois’

Shíl mé i gcónaí agus mé ag fás aníos nach raibh mé maith go leor. Nach raibh mo cholainn maith go leor. Bhí mé gafa leis na hirisleabhair, ag iarraidh bheith ‘foirfe’ mar a bhí na mná ar na gclúdach. Níor thuig mé gur bréag a bhí i ‘bhfoirfeacht’ na mban clúdaigh sin, ná gur mhothaigh formhór na ngnáthdhaoine eile mar a mhothaigh mé féin: goilliúnach. 

Sin a chuirtear os ár gcomhair mar mhná sa tsochaí seo…a bheith cráite ag ár n-aghaidh, ár ngruaig agus an faisean ionas go mbeimis ‘foirfe’ d’fhir. Ní sé réalaíoch. Ní féidir a bheith ag breathnú ‘foirfe’ an t-am uilig, ní bhíonn an saol foirfe, agus is iomaí rud gránna a tarlaíonn do dhuine. 

Bhíodh mé ag streachailt le m’airde, agus le mo ghruaig mar dhéagóir, ag iarraidh mo mhíle dícheall a dhéanamh breathnú ar nós na gcailíní timpeall orm – a raibh mé chomh éagsúil sin leo. Dúirt an tsochaí liom nach raibh mé maith go leor le mo ghruaig nádúrtha agus mo shé troithe d’airde. 

Díol suntais ab ea mé, ach ní de bharr rudaí ‘dearfacha’, faraor. Díol suntais ab ea mé mar go raibh mé chuma ‘ait’ orm, ní raibh mé cosúil le gach éinne eile de bharr m’airde agus mo ghruaig agus mhothaigh mé mar eachtrannach cé gur eachtrannach mé ar shlí. Ach níor mhothaigh mar sin i gcónaí, bhí fhios agam go raibh mé go breá, go raibh luach ag baint liom mar atá ag baint le gach éinne eile, fiú murar chreid mé sin i gcónaí. 

Tuigim anois mar dhuine fásta nach raibh rud ar bith mícheart liom. Ba chuma má bhí marcanna orm nó má chuir mé meáchán orm. Seo mo cholainn. Seo mo scéal féin, agus níl cead ag duine ar bith é sin a thógaint uaim. Tá mé ar aistear agus ar an aistear seo tá mé tar éis forbairt mar bhean atá sásta a bheith bródúil as a colainn féin anois.  Tá mé in ann seasamh go láidir, go hard agus a bheith muiníneach as sin. Níl sé sin éasca, agus ba thuras fíordhúshlánach é. Ach táim ann anois. Táim anseo agus táim beo. Ní chaithfidh an cló céanna a bheith orainn go léir.