‘Tá mise ag gabháil fataí a thabhairt suas don Charghas,’ a mhóidigh Domhnaillín beag

Tá aimsir na hInide ag teannadh linn arís agus tiocfaidh leis tréimhse an Charghais. Chaith Íosa ceathracha lá agus ceathracha oíche sa bhfásach gan bia ná deoch beagnach dhá mhíle bliain go ham seo agus, mar a dúirt Tommy Tiernan tráth, chaith sé in aer na milseáin freisin. 

Baineann go leor daoine, cráifeach agus éagráifeach, úsáid as an gCarghas le rud éicint dearfach a dhéanamh ina saol féin ar feadh scaithimh nó le rud a shéanadh mar chineál triail phearsanta dóibh féin, mar a dhéantar le teacht na bliana nua. 

Is cuimhneach liom nuair a bhí mé féin níos óige, sula raibh tuiscint cheart agam ar an bhféile ná céard a bhí mar dhúshlán againn dá bharr, is cuimhneach liom go raibh mé féin agus mo chol ceathrar ag spraoi tigh Mhamó agus nuair a bhí Mamó ag síneadh brioscaí againn d’fhiafraigh sí dínn céard a bhí muid “a thabhairt suas” don Charghas. (Ceist thráthúil leis na brioscaí, a Mhamó. Bhí sí i gcónaí cliste go ndéana Dia grásta uirthi). Ní raibh mise cinnte céard a bhí i gceist aici ach d’fhreagair mo chol ceathrar í ag rá: “Tá mise ag tabhairt suas Coke.”

An rud a dhéanann an intinn dhaonna nuair nach mbíonn sé cinnte faoi rud ná go gcumann sé an scéal is mó ciall. Bhuel ba léir go raibh orm rud éicint “a thabhairt suas” agus bhí baint aige leis an gcreideamh Críostaí. Chaithfeadh sé go bhfuil orm rud éicint “a thabhairt suas” mar ofráil ag an altóir an chéad uair eile a bheidh mé ag an Aifreann. 

Beidh chuile dhuine sa bpobal ag breathnú orm agus caithfidh me é a inseacht do Mhamó anois. Déarfaidh mé rud éicint sa gcaoi is go mbreathnóidh mé ar nós buachaillín maith.

“Céard fútsa a Dhomhnaill?” a dúirt Mamó. 

“Tá mise ag gabháil fataí a thabhairt suas,” a dúirt mise.

‘Aha, breathnaíonn mise ar nós gasúr beag maith agus nach mór an náire é do mo chol ceathrar ag tabhairt Coke suas chuig an altóir ag an Aifreann’.

Is ormsa a bhí an náire an lá sin nuair a míníodh dom céard a bhí i gceist le rud éicint “a thabhairt suas” don Charghas. Ach ó shin i leith is maith liom dúshlán a thabhairt dom féin chuile bhliain nuair a thagann an Ramadan Caitliceach thart arís. (Rinne muid i bhfad níos éasca orainn féin é ná mar a rinne na Moslamaigh).

I mbliana ar feadh ceathracha lá ní ólfaidh mé rud ar bith ach uisce agus bainne agus chuile Chéadaoin agus chuile Aoine tá mé ag gabháil troscadh iomlán a dhéanamh ón am éireoidh mé ar an gCéadaoin nó ar an Aoine, go dtí an am a éireoidh mé Déardaoin nó Dé Sathairn.

Rinne mé lá amháin troscaidh i rith shaoire na Nollag le feiceáil a mbeinn in ann aige agus i ndáiríre má choinníonn tú uisce leat féin ní airíonn tú an t-ocras mórán ar chor ar bith. Tuigim anois cén fáth a mbíodh Mama ag rá linn gloine uisce a ól dá dtiocfadh muid chuici ag rá go raibh ocras orainn uair an chloig roimh am dinnéir nuair a bhí muid ina ngasúir.

Anois beidh cuid mhaith den lá á chaitheamh agam ag déanamh fuail na laethanta sin ach sin scéal eile.