Tá mo thicéad ceannaithe agam le dul ag obair i Meiriceá an samhradh seo ach…

Seachtain eile bailithe gan mórán ag tarlú. Bhí deireadh seachtaine iontach rugbaí againn ach thairis sin diabhal rud eile a tharla.

Tá nós seachtainiúil nua tosaithe againn ó bhí Lá na Máthar againn le gairid. In ómós don ócáid réitigh muide, na gasúir, an dinnéar agus mar sin shocraigh mise, le moladh ó mhama, go ndéanfadh muid ár gcuid píotsaí féin. 

Ní mórán a theastaíonn don oideas i ndáiríre ach plúr, giosta, ola olóige, salann don bhlas, beagán siúcra leis an ngiosta a chur ag obair agus uisce agus iad a mheascadh agus a fhuineadh in éindí. É a fhágáil ansin le n-ardú agus do rogha píotsa a dhéanamh nuair a bhuaileann ocras thú ansin. (Seachas anann. Níl cead torthaí a chur ar phíotsa. Tá mé cinnte go bhfuil sé sin sa mBíobla in áit éicint nó b’fhéidir gur ó chlab Chonfucius a tháinig sé.)

Thaitin an oíche sin an oiread le mama gur iarr sí orm é a dhéanamh chuile sheachtain agus cédós mac a bheadh ionam mura ndéanfainn a laghad sin do mo mhama? (Nach mé an buachaillín maith?).

Níl a fhios agam cén tarraingt atá agam le bia Iodálach ach rinne mé spaigití cúpla seachtain ó shin ó bhunábhair freisin mar go bhfaca mé á dhéanamh ar Instagram é agus bhuail an fonn mé. (Comhairle bheag faoin gceann sin: déan do chuid pasta níos tanaí ná mar a cheapfá mar atann an diabhal agus is builíní fada tiubha seachas spaghetti deas caol a bhí againn)

Nuair a chuala m’aintín thall i Meiriceá gur anlann aníos as crúsca a chuir mé ar an spaghetti deas úr sin is beag nár thit sí as a seasamh. Phós m’uncail bean de mhianach Iodálach-Meiriceánach agus is cosúil go raibh peaca marfach déanta agam nuair a chas mé an claibín ar an gcrúsca sin.

Tá mionn tugtha aici dom go múinfidh sí dom cén chaoi an t-anlann a dhéanamh ó bhunábhair freisin a fhad agus a bheidh mé i Meiriceá an samhradh seo le nach maslóidh mé muintir na hIodáile riamh arís.

Mo chuimhne agus mo dhearmad; cheannaigh mé ticéid le ghabháil go Meiriceá chomh luath agus a bheidh na scrúduithe críochnaithe. Le gabháil ag obair a bheidh mé ag dul anonn (ní saoire atá ann) agus déanfaidh mé chuile shórt mar is ceart maidir le scaradh sóisialta agus coraintín agus na rudaí sin uilig, ná bíodh imní ort.

Rinne mé é seo uilig anuraidh agus buíochas le Dia níor tharla tada an geábh sin agus le cúnamh Dé beidh chuile shórt ceart an t-am seo freisin. Tá sé seo uilig ag brath ar cé acu an scaoilfear amach as an taobh seo mé agus an scaoilfear isteach ar an taobh eile mé nó nach scaoilfear ach níl a fhios agamsa níos mó ná atá a fhios ag duine ar bith eile cén chaoi a mbeidh muid faoi mhí an Mheithimh agus mar sin is ag tnúth leis an gCáisc atá mé faoi láthair agus ní leis an samhradh.

Mar sin féin chuir mé iarratas isteach ar Cheadúnas Tiomána Idirnáisiúnta agus tá súil agam go bhfuil siad fós á n-eisiúint sin in am seo na paindéime ach níl a fhios agam faoi sin ach an oiread.

Ar aon chuma, níl mé cinnte cén bhaint atá ag rugbaí le pasta ná carranna Mheiriceá ach sin é deireadh an scéilín agus nach deas an scéilín é?