Tá na dochtúirí atá fanta in Éirinn dóite traochta

Nuair a d’fhill mé ar an ollscoil in 2018, chuaigh mé isteach i rang ina raibh 90 duine ann ó áiteacha ar fud an domhain a raibh cúlraí éagsúla acu. Thart ar 30 againn a bhí de bhunadh na hÉireann. Tháinig an tromlach eile ó na Stáit Aontaithe agus Ceanada, agus ansin bhí daoine ann ón mBreatain, an Eoraip, an Afraic agus an Astráil. 

Cúlraí agus cultúir éagsúla, ach an sprioc chéanna againn – go mbeadh muid ag obair mar dhochtúirí faoin mbliain 2022. Tá dhá chéad eile sa rang a rinne an chéim i dtréimhse cúig nó sé de bhlianta seachas an mótarbhealach ceithre bliana a roghnaigh mise (cén sórt craiceáil a bhí orm, ach sin scéal eile!).

Sáinnithe sa seomra ranga, faoi bhrú sa seomra anatamaíochta, agus scanraithe sna hospidéil nuair a scaoileadh isteach ag othair muid, ba ghearr gur fhás cairdeas eadrainn. Tharla cleamhnais chomh maith. An t-am seo an bhliain seo chugainn beidh muid cáilithe. Ní hin le rá go bhfuil muid ar fad ar comhchéim ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Nuair a bhuail COVID-19 anuraidh muid, fógraíodh 300 post breise d’intéirnigh, mar glacadh leis go mbeadh na hospidéil faoi bhrú agus gur theastaigh tuilleadh dochtúirí. Chiallaigh sé seo go raibh deis ag dochtúirí a rinne a gcuid traenála ar fad anseo ach nach de bhunadh na hÉireann iad cur isteach ar na postanna. 

I mbliana, frítheadh réidh leis na postanna seo, ach tar éis feachtas bolscaireachta ó mhic léinn agus dochtúirí coinníodh 100 den 300 breise sin. 

Don té nach dtuigeann an próiseas, gach bliain foilsítear liosta de na postanna d’intéirnigh. Cosúil leis an Ardteist, déantar iarratas ar áit agus faightear é bunaithe ar mharcanna. Cheapfá go bhfuil sé sin cothrom go maith go dtí go dtuigeann tú nach mar a shíltear a bhítear. 

Tugtar tús áite do shaoránaigh na hÉireann. Ansin bíonn deis ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh. Agus ansin, chuile dhuine eile. Rud a chiallaíonn go bhféadfadh dochtúir óg as New York a bhí ag iarraidh fanacht in Éirinn a bheith fágtha gan post, fiú dá mbeadh marc níos airde aige ná mar a fuair mise. 

In ainneoin gur íoc siad os cionn €50,000 sa mbliain ar tháillí ollscoile agus ag foghlaim a gceirde le othair na hÉireann. Imíonn na daoine seo agus ní thagann siad ar ais. Tá cuid acu i gcaidreamh le daoine anseo, agus beidh cinneadh mór le déanamh acu an bhliain seo chugainn mura bhfaightear áit dóibh. 

Idir an dá linn, tá liostaí feithimh ag dul i méid. Tá dochtúirí comhairleacha ag dul thar sáile. Tá dochtúirí eile nach bhfuil ag fáil deis traenála agus tá siad féin ag imeacht. Tá na dochtúirí atá fanta dóite. Traochta. Is mór an trua go bhfuil an oiread sin fuinnimh agus airgead á chaitheamh ar dhaoine nach mbeidh ag dul ag obair anseo.

Cheap muid go mbeadh ré nua á bunú mar gheall ar an bpaindéim. Tusa, nó duine bainteach leat is mó a bheidh thíos leis mar an fhad agus a bheidh sé seo fós ag tarlú, beidh daoine tinne ag fanacht ar thralaithe agus dochtúirí a fuair a gcuid oiliúna anseo ag cur cóir leighis ar othair i dtír éicint eile mar nár tugadh aon áit dóibh anseo.