Tá na scrúduithe ollscoile seo ag teacht salach ar mo lá breithe…

Seachtain ón lá inniu a bheidh an chéad scrúdú agam. Nach aoibhinn Dia dom é? Céard é sin a deir tú? An bhfuil mé réidh? Haha. Tá muis’ go, deimhin!

Ceacht ná nóta a bhí os comhair mo phus ó dheireadh mhí Mheán Fómhair go dtí seo, níl sé fanta i mo chuimhne. Tá mé ag iarraidh a bheith ag dul trí na páipéir scrúdaithe a bhí ann sna blianta roimhe seo agus ag cleachtadh ceisteanna astu sin. Ní rud é seo a dhéanfainn go hiondúil mar ceapann mé féin gur bealach mí-ionraic é le mo scrúdú féin a dhéanamh. Níor fhoghlaim mé aistí de ghlanmheabhair don Ardteist agus níor mhaith liom é a dhéanamh dó seo. (Níl mé ag fáil locht ar dhuine ar bith eile is cineál riail dom féin é seo). 

B’fhearr liom an t-ábhar a fhoghlaim agus cibé cén marc a gheobhainn as sin a bheith agam mar fhíor-léiriú ar an gcaoi a bhfuil ag éirí liom i mo chúrsa. Ach deir mama go mb’fhearr dom fuint de réir na mine i mbliana mar gheall ar chomh deacair agus atá mé á aireachtáil rud ar bith a fhoghlaim ar an gcaoi a bhfuiltear dár múnadh agus ó tharla go bhfuil mé chomh haineolach anois agus a bhí mé i dtús na scoilbhliana ní cheapfainn go ndéanfaidh mé neamhaird ar a cuid comhairle.

Ach cibé cén chaoi a bhfuil mé ag staidéar, níl rud ar bith ag fanacht idir mo dhá chluais, go bhfóire Dia mór na glóire orm. Tá sé scrúdú le déanamh agam ón Luan seo chugainn go ceann coicíse agus iad uilig dhá uair an chloig ar fhad. Beidh orm an dá uair sin a chaitheamh ag freagairt na gceisteanna ar fad agus ansin beidh leathuair agam ina dhiaidh sin le scan a dhéanamh ar a bhfuil scríofa agam agus é sin a sheoladh isteach tríd nasc a chuirfear ar fáil dúinn. Díreach mar a rinne muid sa mBealtaine seo caite.

Tá difríocht amháin idir seo agus scrúduithe an tsamhraidh seo caite. Bhí formhór na bliana caite agam istigh sa gcoláiste, seachas b’fhéidir mí amháin, nuair a bhí na scrúduithe sin á ndéanamh agam. Ar a laghad bhí rud éicint foghlamtha agam. Mar a deir Kenny Rogers “I can see you’re out of aces”, go ndéana Dia grásta air, agus faraor géar níl an créatúr i bhfad ón bhfírinne.

Ach ainneoin a mbeidh foghlamtha agam, beidh orm fós rud éicint (mura bhfuil ann féin ach m’ainm) a chur ar an bpáipéar Dé Luain seo chugainn agus é a sheoladh isteach. Níl aon dul as. Tiocfaidh leathanach amach i mí Lúnasa agus liosta uimhreacha idir a haon agus a céad air agus ní bheidh aon neart agamsa air an uair sin.

Mar sin déanfaidh mé iarracht cíoradh trí na nótaí agus má ghreamaíonn rud ar bith den chíor beidh rudaí go maith ach fós féin dá luaithe a thiocfaidh an dara lá fichead is ea is fearr é. 

Is fada liom go mbeidh mo dhá chois in airde agam, pionta rud éicint i mo ghlaic agus mé ag déanamh ceiliúradh ar mo lá breithe (ar a bhfuil na scrúduithe seo ag teacht salach!)