‘Tá ómós nua agam don bhia agus don bhlas tar éis cúpla lá troscaidh a dhéanamh’

Tá beagnach seachtain caite sa gCarghas. Tá dhá lá troscaidh déanta agam agus tá mé ag súil leis an gcéad cheann eile a dhéanamh Dé Céadaoin seo ag teacht. Ní airím uaim an deoch mheisciúil i ndáiríre. Ní ceann mise a rinne an oiread sin óil riamh, choinnigh mé geallúint mo chóineartaithe agus níor ól mé go dtí go raibh mé 18, ach cé gur fíor sin tá sé amhlaidh freisin nár thóg mé aon bhriseadh fadtéarmach ón ól ó thosaigh mé dhá bhliain ó shin. 

Is smaoineamh maith é do dhuine ar bith briseadh a thógáil ó rud ar bith a bhaineann tú an-taitneamh as anois agus arís le déanamh cinnte nach bhfuil tú ag braith air. Má tá tú in ann tréimhse a chaitheamh d’uireasa rud éicint agus gan a bheith á aireachtáil uait is cineál cruthúnas nó cinntíocht duit féin atá ann nach dtitfidh tú in an-dúil. 

Tá sé fós tábhachtach súil a choinneáil air go leanúnach. Ní leor aon triail amháin ar an bhféinsmacht. Sin é an fáth ar maith an rud é an Carghas. Cineál cic sa tóin don chineál sin ruda.

Maidir leis an troscadh, tá mé féin ag baint sásaimh as an méid atá sé a thaispeáint dom faoi mo shaol féin. Itheann muid trí bhéile chuile lá agus i ndáiríre tá sé thar a bheith éasca glacadh leo mar atá agus iad a ligean i ndearmad go gairid ina dhiaidh sin. Má ghearrann tú béile nó dhó nó, mar a dhéanann mise dhá uair sa tseachtain, lá iomlán béilte amach anois agus arís osclaíonn sé do shúile.

Ar an gcéad dul síos tá an t-ocras ann. Is furasta gan rud ar bith a ithe i ndáiríre má choinníonn tú uisce leat féin. Ach nuair a bhuaileann boladh bagúin do shrón ag teacht aníos as an gcisteanach nó nuair a shiúlann tú thar bhabhla na dtorthaí agus gan cead agat ceann a chur le do bheola bíonn an troscadh an oiread beag sin níos deacra. 

Anois smaoinigh ar an mbochtán i dtaobh éicint eile den domhan agus é ag iarraidh déirce ar shráid éicint agus boladh ag teacht anall as taobh éicint den mhargadh sráide nó é a bheith in ann píosa de bhia éicint a fheiceáil amach roimhe agus a fhios aige nach bhfaighidh sé tada de bharr na gadaíochta ach lascadh. 

An bheatha a bheith faoina shrón agus gan é a bheith in ann é a ithe. Ní dhéanann mise ach lá amháin ag an am. Sin é a shaol ar fad don chréatúr sin. Bíonn orm machnamh a dhéanamh ar an ádh atá orm agus a bheith thar a bheith buíoch as an méid atá agam.

Ní ceann mé ach an oiread a thabharfadh an oiread sin suntais do bhlas murar drochbhlas a bhí ann. Tá an t-ádh orm a bheith i mo chónaí sa teach ina bhfuil mé mar nuair a chasann Deaide air an t-oigheann nó nuair a thosaíonn Mama ag caitheamh síos i bpota bíonn gourmet ina chinntíocht. 

Tráthnóna Déardaoin seo caite, th’éis dom an Chéadaoin a chaitheamh ocrach, is cuimhneach liom nuair a bhuail an sailéad cáil a rinne mo dheartháirín beag mo theanga ar dtús bhí mé sna flaithis. 

Mhúin m’aintín do mo mhama cén chaoi le blas deas a chur ar chál le fínéagar Balsamic, ola, gairleog, cáis Parmesan, gabháil chothúchain agus cúpla rud eile agus mhúin sise do mo dheartháir é agus m’anam go bhféadfainn mo shaol a chaitheamh gan tada a ithe ach é. Tá sé thar barr, níos deise fiú an lá dar gcionn th’éis de an oíche a chaitheamh sa gcuisneoir. 

Ach bhí an uaineoil a bhí againn an oíche sin agus na fataí agus na sailéad sin agus chuile bhlas eile dá raibh againn ina chóisir, ina fhéile, ina Charnival na Brasaíle i mo chlab. 

Bhí ómós nua agam don bhlas agus don sásamh a bhainim as béile agus go raibh níos mó ann ná rud éicint a líonfadh mo bholg go dtí go n-íosfainn an chéad bhéile eile. Gan trácht ar an léargas nua a thugann an troscadh dom ar an gcraos ach sin scéal eile.

Anois agus mo sheanmóir tugtha agam beidh an ciseán ag dul thart. Caith síos do dhá euro ann.