Tá sé in am ag imreoirí meas ar an duine ‘a dhíol’
Múinimis meas agus cead don óige

Tá a fhios againn uilig anois faoin tráth seo faoi na héagsúlachtaí idir cúirteanna na Poblachta agus cúirteanna an Tuaiscirt. Is iomaí uair a bhí mé sa gcúirt agus ní raibh aon chead sa seomra ach ag lucht dlí, giúiré, na daoine a bhí bainteach leis an gcás agus iriseoirí. Tugann sé seo cosaint don té atá ag tabhairt an cháis, agus cosaint freisin don duine atá neamhchiontach. Níl sin amhlaidh i dTuaisceart Éireann.

Rud nach bhfuil amhlaidh i gceachtar den dá dhlínse ná comhráití faoi chead agus rogha.

Smaoinigh ar an oideachas gnéis a fuair tú ar scoil, má tharla sé ar chor ar bith. Pléitear an taobh fisiciúil amháin. Moltar do dhaoine fanacht amach ón gceist agus ón ngníomh, le foshruth ó mhúinteoirí, tuismitheoirí agus ónár sochaí nach mbeadh aon chaidreamh collaí ná gnéis ag ‘cailín deas’ le haon duine, agus dá mbeadh, nach mbeadh aon mheas mór le cur ar a focal.

Má bhíonn aon cheist ag aon duine, níl aon áit lena cur. An t-idirlíon atá sa mbearna. Céard atá ansin? Pornagrafaíocht agus oibiachtú, ar mhná go háirithe. Sin í an íomhá atá ag fir agus mná óga faoi ghnéas, mura dtógfaidh duine éigin nó eagraíocht éigin seilbh ar an ábhar. Ón obair atá déanta agam sna cúirteanna, agus ón taighde atá léite agam i mbun mo chuid iriseoireachta agus sa tsíceolaíocht spóirt, tá sé soiléir go bhfuil dímheas ar mhná inár gcultúr.

Rud eile atá fíor ná gurb iad na laochra agus clubanna spóirt atá ina n-eiseamláir ag daoine óga. Tá siad ar fad iontach ag caint ar leas folláine a gcuid ball, go háirithe an dream óg. Níl ciúnas, ná easpa plé ar chead gnéis chun leasa aon duine. Seans maith nach mbeadh aon déagóir ag iarraidh éisteacht liomsa ag óráidíocht faoi chead. Ach, tá a fhios againn go dtabharfaidh siad cluas dá laoch spóirt. Tá imreoirí in ann deochanna agus éadach a dhíol, nó eolas faoi chomhtholgadh a chur chun cinn, tá sé in am anois acu meas ar an mbean, ar an duine, ar an gcorp agus ar an gcead a dhíol chomh maith.

Tá cleachtais láidre ag clubanna spóirt chun gasúir a chosaint ó mhí-úsáid gnéis mar gheall ar eachtraí uafásacha atá tarlaithe. Céim mhór chun cinn a bheadh ann dá bhféadfaí oideachas faoi chead gnéis a shníomh isteach i gcomhráite le déagóirí chomh maith.

Táthar ann nach mbeadh á iarraidh seo, in iarracht soineantacht a gcuid páistí a chaomhnú. Faraor, tá an tsoineantacht sin imithe faoin am atá geansaithe imeartha faoi 13 ar a ndroim. Sa bhfolús, tá aineolas, agus sean-nósanna cultúrtha.

In áit a rá le cailíní éigniú a sheachaint, tá sé in am tosú ag múineadh measa agus ceada do chuile ghasúr, agus múineadh do bhuachaillí gan éigniú a dhéanamh, ná gan lámh a leagan ar fhear ná bean, gan cead. Tá sé in am stop a chur leis an tuairim gur tharraing an bhean uirthi féin an t-éigniú. Bhí uair ann go nglacfaí le tiomáint faoi thionchar an óil. Tá an lá sin imithe. Glactar fós le grúpaí Whatsapp gáirsiúla, agus caint faoin méid ‘leasa’ a bhain fir as mná. Níor cheart go gceapfadh aon imreoir óg go nglacfaí leis an gcineál sin iompair. Is iad na heagraíochtaí spóirt is túisce a mbeidh tionchar acu ar athrú meoin atá ag teastáil go géar sa tír seo. Tá súil agam go mbeidh sé de chrógacht acu tabhairt faoi.