Táirgí Tíosacha
a úsáideann Ursula Ní Shabhaois

Sa mhír nua seo, fiafraíonn muid de Ghaeil óga faoi na táirgí tíosacha a bhíonn in úsáid acu ar fiú an t-airgead iad. An iarraidh seo, roinneann Ursula Ní Shabhaois a rogha táirgí áilleachta agus úsáideacha linn a rachaidh chun tairbhe do nósadóirí eile.


1.) Muga taistil

 

Is andúileach caife déanta mé agus bheadh eagla an chraicinn orm smaoineamh siar ar an méid airgid atá caite agam ar chaife thar na blianta!

Tá mé cinnte mar chuid de ghlúin an chaife!

Leis an mhuga taistil, ní gá a bheith buartha faoi sin.

Tógaim an muga seo liom beagnach gach maidin agus mé ar mo bhealach isteach chun na hoifige.

Tá cúpla ceann agam, ach is é an muga teirmeach seo is fearr liom mar go gcoinníonn sé an caife deas te ar feadh tamall maith fada.

Dunnes Stores, €8.00


2.) Vearnais Ingne No. 7

Agus mé ag cur leis thar na blianta, is iomaí branda agus dath atá agam i mo bhailiúchán vearnais ingne ach is fearr i bhfad liom na cinn a fuair mé ó No. 7.

Tá réimse an-leathan dathanna ar fáil agus is féidir teacht ar dhathanna atá beagáinín éagsúil le brandaí eile fosta.

Maireann an vearnais suas le seachtain iomlán gan aon stró.

Cé go dtaitníonn sé liom lámh-mhaisiú ceart a fháil anois is arís, tá an branda seo go hiontach le cuma mhaith a chur ar m’ingne gan an t-airgead céanna a chaitheamh orthu.

Boots, No. 7, €8.00


3.) Ola Mharacach

Is féidir le mo chuid gruaige bheith measartha fiáin in amanna.

Is breá liom an ola Mharacach seo mar gheall nach mbíonn ribí gruaige fánacha ag cruthú deacrachtaí agus cothaíonn sé loinnir dheas ar mo chuid gruaige fosta.

Agus é deas éadrom, ní fhágann an ola seo fuíoll ná aon rud mar sin i mo chuid gruaige. Buntáiste eile ná go dtéann giota beag i bhfad agus go maireann buidéal beag tamall fada.

Boots, €10.49


4.) L’Oreal Pure Clay Mask

Le fírinne, nuair a chonaic mé na maisc aghaidhe seo fógartha ar dtús mhothaigh mé gur gimic gan mhaith a bhí ann.

Cén fáth a bhfuil an masc seo ar fáil i dtrí dhath éagsúla?

Ní féidir leo bheith chomh éagsúil sin lena chéile.

Ach, chuaigh na cleasa margaíochta i bhfeidhm orm cibé agus thriail mé dhá cheann acu sa deireadh, an ceann oráiste agus an ceann glas.

Caithfidh mé a admháil go bhfuil siad fíor-mhaith ar fad.

Déanann an masc oráiste do chuid craicinn a scamhadh agus bíonn aghaidh níos gile agus soiléire agat i ndiaidh duit an measc glas a úsáid. Faightear go leor úsáide as aon phota amháin agus mothaím gur fiú go mór an t-airgead iad.

Boots, €8.49


5.) Ealaín Lorsha

Ok, go teicniúil ní táirge tíosach é seo ach is é seo an rud is fearr a cheannaigh mé le tamall fada ó thaobh luach airgid de.

Bhog mé isteach chuig áit nua ar na mallaibh agus fuair mé an píosa galánta seo ó Lorsha in Iúr Chinn Trá le cur isteach ann.

Sílim féin go bhfuil an stíl atá acu go hálainn ar fad agus athraíonn an píosa beag ealaíne seo an seomra ina bhfuil sé go huile is go hiomlán.

Tá an ealaín seo uilig lámh-dhéanta acu sa tsiopa agus is fearr i gcónaí tacaíocht a thabhairt do ghnó beag áitiúil nuair is féidir!

Lorsha, ó £35