Táirgí Tíosacha
a úsáideann an spéirbhean Milène Fegan


Sa mhír seo, fiafraíonn muid de Ghaeil óga faoi na táirgí tíosacha a bhíonn in úsáid acu ar fiú an t-airgead iad.

An iarraidh seo, roinneann Milène Fegan a rogha táirgí áilleachta agus úsáideacha linn a rachaidh chun tairbhe do nósadóirí eile.


1.) Fabhraí Bréagacha

Tá sé thar a bheith deacair fabhraí bréagacha a chaitheamh i ngan fhios do dhaoine na laethanta seo.

An moladh is fearr a bheadh agam ná na fabhraí a ghearradh le go mbeadh siad ag teacht le cruth do shúile féin.

Tá moll mór brandaí fabhraí bréagacha ar fáil, agus don tosaitheoir – an té nár chaith riamh iad – tá sé an-chasta!

Má tá tú ag lorg cinn atá measartha nádúrtha beidh sé níos deacra arís mar is iomaí fabhra bréagach a chuireann cuma na banríona draig ort!

Is iad na fabhraí bréagacha is fearr liom féin ná cinn ó bhranda, nach bhfuil go mór i mbéal an phobail, ar a dtugtar KISS.

Tá ainmneacha bláthanna ar na fabhraí difriúla agus is iad “Daisy” na fabhraí is fearr liom.

Bí ag súil le tréimhse a chaitheamh ag an tús ag troid leis an ghliú, nó gan a bheith iomlán sásta leis an dóigh a bhfuil ag luí ar na súile – tá siad measartha ciotach.

Le roinnt cleachtaidh áfach, rachaidh tú i dtaithí orthu.

Is fiú go mór é dar liom, mar cibé uair a chaithim iad iompaím i mo ghiodróg ghnéasúil agus bíonn caipíní mo shúl ag corraí i gcaitheamh na hoíche.

Kiss Blooming Lashes €9.49/ £6.75 ó Boots


2.) Rollóirí Gruaige

Tá gruaig mhín dhíreach orm agus nuair a bhím ag iarraidh ‘oomph’ sa bhreis i mo chuid gruaige amharcaim i dtreo na rollóirí Velcro!

Agus mo ghruaig nite, ligim di triomú go nádúrtha agus cuirim na rollóirí isteach agus an ghruaig leath-thriomaithe.

Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an chur chuige seo. Coinneoidh tú do chuid gruaige saor ó dhamáiste teasa, tá sé go maith don timpeallacht agus is féidir leat smideadh a dhéanamh a fhad is atá na rollóirí i mbun draíochta.

Tá na rollóirí ar fáil go forleathan, Penneys ina measc.


3.) Ciarsúir dhatha bréige

An táirge is conspóidí a bhíonn á úsáid agam – agus an rún áilleachta is mó atá agam b’fhéidir.

Má tá ócáid shóisialta mhór ag teacht aníos agus fonn orm dath gréine nádúrtha a bheith orm bainim úsáid as TanWipes.

Na cinn is saoire, más é do thoil é (£1.50-£3.00/€2.00- €3.99 ar phaicéad a bhfuil 20 ciarsúr ann) atá ar fáil ón phoitigéir is giorra duit.

Tá na ciarsúir seo á n-úsáid ó bhí mé i mo dhéagóir óg agus tá an-mhuinín agam astu.

Caithfear iad a úsáid an oíche roimh an ócáid, ar a laghad, mar go dtógann siad 8 n-uaire an chloig leis an chraiceann a dhathú.

Ma tá dath níos dorcha uait (ar do chosa b’fhéidir mar shampla?), caithfear tosú ar an obair dhá oíche roimh ré!

Tá a lán le déanamh le go mbeadh dath nádúrtha cothaithe agat agus cuideoidh an táirge tíosach thíos leat craiceann bog mín a chothú!

Cosúil le dathú bréige ar bith, beidh boladh beag le mothú ar do chraiceann, boladh ar nós prátaí i mo thuairim féin, ach is féidir cithfholcadh (measartha gairid) a thógáil chun an boladh míofar a bhaint, gan cur isteach ar dhath úr an chraicinn.

Tá a lán oibre i gceist, ach arís eile, tchítear domsa gur fiú an obair a chur isteach le cinntiú nach mbeidh rian ar bith den oráiste mínádúrtha ort.

Skindeep Self Taning Wipes ar £1.50-£3.00/€2.00- €3.99 ó Phoitigéirí ar fud na tíre.  


4) Scamhóir

Is breá le gach duine craiceann mín a mhothú, agus ar nós nathair nimhe, is maith liom mo sheanchraiceann a bhaint díom féin, le miotóg scafa, folcadán te agus póta mór scrub scafa.

Go háirithe má tá tú ag dul don dath bréige, tá sé tábhachtach seo a dhéanamh chun an seanchraiceann daite a bhaint ó do chraiceann, agus le do chraiceann a fháil réidh don chéad bhabhta dathú bréige eile.

Bhíodh sé de nós agam Soap & Glory ‘Flake Away’ a úsáid, ach tá boladh an-mhilis le brath uaidh nach maith liom chomh mór sin.

Ar an phraghas céanna is féidir pota mór Champneys Exfolaition Scrub a cheannach, a mhaireann sé mhí i dteach s’agam!

Champneys Summer Dream rewarding Salt Scrub €14/£10 ar fáil ag Boots


5.) Línitheoir Súile

Ag tarraingt siar atá mé chuig ré mo dhéaga, nuair nach bhfágainn an teach gan mo bhuataisí Doctor Martens ar mo chosa agam agus línitheoir súile trom orm. Tá deacair nós maith a bhriseadh! Wink

Is cinnte gurb é an línitheoir súile seo ó Benefit an ceann is fearr liom. Cé nár shíl mé a mhór den mhascára rathúil a bhí acu, faoin ainm céanna, tá mé lánsásta an scéal a scaipeadh faoi bhua an línitheora súile s’acu!

Benefit They’re Real! Push Up – €25/£20 ó Debenhams

Bígí tíosach a chairde!