Táirgí Tíosacha
A úsáideann Banríon na Ruán, Emma Ní Chearúil!

Sa mhír nua seo, fiafraíonn muid de Ghaeil óga faoi na táirgí tíosacha a bhíonn in úsáid acu ar fiú an t-airgead iad.

An tseachtain seo, téann Banríon na Ruán, Emma Ní Chearúil, ag tochailt ina mála chun insint dúinn faoina rogha táirgí áilleachta.


1) Uisce “Micellar”, Boots Botanicals

micellar

Shíl mé gur seafóid a bhí sa táirge seo.

“Nach mbíonn uisce againn sa sconna?” (Ní Chearúil, E, Twitter, 2015).

B’shin sular thuig mé a éifeachtaí atá sé.

Mar a bheadh draíocht ann, baineann sé mascara, béaldath agus chuile shórt gan aon stró!

Úsáidim ar maidin é le mo chraiceann a fhágáil úr don lá, agus tá sé foirfe má bhíonn leisce ort smideadh a bhaint ag deireadh an lae.

Níl tuáille ná uisce ag teastáil: níl gá le tada eile seachas ciarsúr. €3.50/£2.50


2) Folaitheoir, 17 Stay Time

stay

Nílim ródhílis d’aon bhranda smididh. Is iondúil a cheannaím pé rud a bhfuil lascaine air in Boots.

Ní chaithim smideadh chuile lá ach bíonn folaitheoir (concealer) i mo mhála liom do na laethanta fada úd nuair a bhíonn ciorcail dhorcha faoi mo shúile.

Níl ach beagán iarrachta i gceist ach bíonn difríocht mhór le feiceáil!

Faoi láthair tá 17 Stay Time Concealer in úsáid agam. Téann giota beag i bhfad, a chairde! £4.49/€5.99


3) Tae lus an phiobair

tea

Ní táirge áilleachta é seo is dócha, ach cuidíonn sé go mór liom neart uisce a ól.

Bíonn fadhbanna agam le mo chraiceann; déanaim gach iarracht, mar sin, cúpla lítear in aghaidh an lae a ól.

Go háirithe anois, agus an geimhreadh ag druidim linn, is deas greim a bheith agat ar chupán deas tae the. Agus muid ag caint ar thae, tá gnáth-thae dubh an-mhaith don chraiceann freisin.

Tá saorfhréamhacha (free radicals) ann a chuireann moill ar dhul in aois, a deirtear. Déan an tae a réiteach agus lig dó fuarú.

Cuir isteach sa chuisneoir é ar feadh 20 bomaite agus cuimil ar d’aghaidh é le holann chadáis.

Ááá! Mothóidh tú iontach! Aon tae €4.00/£.3.00


4) Séiream gruaige, John Freida Frizz Serum

frizz

Tá gruaig chatach agam a bhíonn as smacht scaití. Mar is eol d’éinne a bhfuil táclaí ina gcuid gruaige acu, is mór an fhadhb í an frizz!

Níor úsáid mé táirge ar bith eile atá chomh maith céanna leis an séiream seo. Coinníonn sé mo chuid gruaige bog, lonrach agus faoi smacht.

Maireann buidéal cúpla mí, mar sin is fiú an t-airgead a chaitheamh air! €8.19/£6.99


5) Súildath, Pailéad Naked

nakedpalette

Tá stádas faoi leith bainte amach ag na pailéid seo, agus is éasca a thuiscint cén fáth.

Tá réimse dathanna iontu, mar sin is féidir stíl nádúrtha a roghnú nó cuma ghlinniúil, álainn a chur ar do shúile! Is fiú an t-airgead a chaitheamh orthu.

Tá mo cheannsa fós in úsáid agam agus níl súildath ar bith eile ceannaithe agam le trí bliana anuas! £38.50/€ 47.00