‘Torthaí ollscoile agus an dara snáthaid faighte in aon seachtain amháin – ní drochsheachtain í sin’

Buíochas le Mac dílis Dé! Fuair mé pas ar a laghad i ngach uile cheann de mo chuid scrúduithe. Scaoilfear isteach sa tríú bliain mé agus beidh mé in ann dearmad glan a dhéanamh ar an gcacamas de bhliain atá caite agam i mo sheomra codlata. 

Fuair muid ár gcuid torthaí inné agus tá mé chomh buíoch agus chomh sásta nach mbeidh athscrúdú ar bith le déanamh agam sa bhfómhar. Níl uaim anois ach an scoilbhliain sin a ligean i ndearmad agus díriú ar an tríú bliain. Tá an t-ádh orm nach gcomhaireann siad na torthaí ón gcéad bhliain ná ón dara bliain, blianta na paindéime, leis na marcanna a áiríonn do chéim. (Tá col ceathrar agam anseo i Meiriceá a deir “a C is a degree” ach níl mé cinnte gurb in í an chomhairle is fearr).

Is mór an trua liom duine ar bith a rinne an tríú bliain agus an ceathrú bliain, ach go háirithe i mbliana. Cheapfainn go gcaillfinn mo mheabhair uilig uilig dá mbeadh tionscnamh na bliana deireanaí (ab in í an Ghaeilge atá ar FYP? Shílfeá go mbeadh a fhios agam é agus mé ag gabháil chuig ollscoil dhátheangach ach d’fhéadfá a rá go bhfuil siad féin agus a gcosúlacht ag gabháil in aghaidh a chéile) le déanamh agam agus mé sáinnithe in aon spota amháin liom féin. Gan fiú faoiseamh le fáil as mo shaol sóisialta.

Ar aon chuma dea-thoradh (nó toradh sásúil, ar a laghad) le críoch a chur le drochbhliain scolaíochta. Agus le cúnamh Dé deireadh leis an staidéar ón mbaile.

Dea-scéala eile ó chuir mé peann le páipéir (ná méar le ríomhaire) le mo mharc a fhágáil ar NÓS, tá mo dharna vacsaín faighte agam. Ní raibh ann arís ach siúl isteach sa gcógaslann agus m’ainm a thabhairt don fhear a bhí taobh thiar don chuntar agus ní raibh sé i bhfad go raibh an tsnáthaid i mo lámh arís. 

Bhí mo lámh tinn i gcaitheamh an lae an lá ina dhiaidh sin agus bhí mé cineál tuirseach ach is fiú é. Is fiú lá míchompordach ag an obair le cosaint a fháil ón aicíd seo agus an chéad chéim eile a thógáil le ghabháil ar ais i dtreo an tsaoil mar a bhí.

Bhí mé ag caint le mo dhuine, an té a sháigh mé ar ndóigh, agus cineál ag rá nach iod é an crescendo a bhí le bheith ag an bpaindéim seo? Le bliain go leith anuas níl muid ag cloisteáil rud ar bith ach ‘vacsaín seo agus vacsaín siúd’ agus ‘nuair a bheidh vacsaín againn’ agus ‘is fada liom go bhfaighidh mé mo vacsaín’.

Bhuel a leaids, ní fear mé ar maith leis gaisce a dhéanamh ach tá sé faighte agam faoi dheireadh thiar thall. Tá dhá jab de Mhoderna faighte agam agus tá mé ar bís mar a deir siad in áit éicint taobh amuigh de Chonamara. (“ar bís” – rud Muimhneach b’fhéidir. Bíonn caint aisteach acu thíos ansin)

Mar sin bliain a trí amuigh romham agus mé sábháilte (tá súil le Dia agam) ón gCovid. Ní drochsheachtain í sin ar chor ar bith.