Trí Shúile Chaitríona Ní Chadhain
taisteal, seas suas agus féilte ceoil

Sa mhír seo breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.

Bíodh sé sa bhaile nó i gcéin, is breá le Caitríona Ní Chadhain a bheith ag taisteal, agus is minic a ceamara ina lámh aici.

Agus í spreagtha go mór ag ceisteanna sóisialta éagsúla, creideann Caitríona gur cheart beart a dhéanamh de réir briathair nuair is féidir. 

Cuid lárnach dá saol is ea an ceol freisin agus tá sí cheana féin ag súil le séasúr mór na bhféilte. 


1. Taisteal

Is aoibhinn liom a bheidh ag spaisteoireacht in áiteanna nua.

Tá roinnt taistil agam agus ba mhaith liom tuilleadh a dhéanamh thar lear amach anseo.

Bhí an t-ádh orm cuairt a thabhairt ar Ghaeltachtaí Dhún na nGall agus Chorca Dhuibhne le tamall anuas agus mé faoi dhraíocht ag áilleacht an tírdhreacha, ag na ndaoine, agus ag an mbia folláin úr atá ar fáil sa mbaile.

Tógadh an grianghraf seo ar lá fiáin i nDún Aonghusa, lá iontach a chaith mé ar Árainn le cairde ó Mheiriceá Thuaidh, Ceanada agus an Ísiltír.


2. Seas suas 

Creidim gur chóir seasadh suas do na rudaí a gcreideann tú iontu agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag déanamh maitheasa don chine daonna.

Chaith mé tréimhse in San Fran, SAM, ag obair ar chlár faisnéise ‘The Corridor‘ a dhírigh ar oideachas sa chóras cirte thall ann.

Chuaigh na daoine a casadh orm go mór i bhfeidhm orm. Tar éis filleadh abhaile dom thosaigh mé ag obair, ar bhonn deonach, le heagraíocht darb ainm an Sunny Center.

Tugann siad tacaíocht do dhaoine ar cúisíodh iad i leith coireanna nach ndearna siad.

Tógadh an pictiúr den radharc álainn seo ó thearmann uathúil an Sunny Center i gConamara.


3. Féilte ceoil

Bean mhór féilte ceoil mé.

Bheinn ag éisteacht le ceol gach aon nóiméad sa lá dá mbeadh mo rogha-sa ann.

Ní sheinnim uirlis cheoil ar an drochuair, ach is éisteoir iontach mé!

Tógadh an pictiúr seo ag féile Body & Soul in Éirinn, áit a raibh dhá cheann de na gigeanna ab fhearr dár bhfaca mé a riamh: Nick Cave agus Charles Bradley.

Bhí siad dochreidte.

Is aoibhinn liom an chraic, an tsaoirse agus spraoi a bhíonn ag féilte.

Phioc mé an pictiúr seo mar go gcuireann sé i gcuimhne dom nár ceart an saol a thógáil go ró-dháiríre.