Trí Shúile – Méabh Ní Chualáin
Draíocht an cheoil, an spéir & áilleacht Chonamara

Sa mhír seo ar NÓS, breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.

Ina haonar amuigh sa dúlra i gConamara nó ar urlár damhsa plódaithe i gcathair bheoga Londan, is ag sú isteach áilleacht an tsaoil a bhíonn an t-aisteoir aoibhinn Méabh Ní Chualáin.

Agus is minic ceamara ina lámh aici…


Draíocht an cheoil

Seo pictiúr a ghlac mé ag ceolchoirm Tame Impala in Alexander Palace i Londain.

Deireadh na hoíche a bhí ann nuair a bhí an banna ag fágáil na stáitse.

Gheall mé dom féin an oíche sin gan na mílte pictiúr agus fís a thógáil ar m’fhón (mar a bheadh déanta agam go hiondúil) agus é a fhágáil uaim i mo mhála.

Bhí mé ag iarraidh an t-atmaisféar agus an ceol a shú isteach – ag glacadh le comhairle mhaith atá i gceann de na hamhráin atá acu ‘Want them to be in the moment’.

Bhí rud éigin speisialta feicthe againn uilig.

Is breá liom an grianghraf seo mar go bhfuil sé sin le feiceáil i lámha na ndaoine, duine amháin i lár bualadh bos agus duine eile lena lámha thuas ag géilleadh do dhraíocht an cheoil.


‘Grian’-ghraf

Ag Dia amháin atá a fhios cá mhéad grianghraf den spéir a thóg mé ó fuair mé fón a raibh ceamara air nuair a bhí mé i mo dhéagóir.

An spéir ag breacadh an lae, an spéir agus an ghrian ag dul faoi.

Is iomaí uair agus mé amuigh leis an gceamara ag na hamanna seo, ag déanamh iarracht an áilleacht agus na dathanna a léiriú.

Is cinnte nach féidir leat an fíor-radharc a bhualadh ach nuair atá an spéir ag breathnú mar seo agus na dathanna iontacha chomh láidir sin – caithfear iarracht a dhéanamh.

Tógadh an pictiúr seo ar mo bhreithlá i mbliana ar an 20 Feabhra, @ 17:26.


Áilleacht Chonamara

Fad coisméig choilligh ar an gCarn Aoile ag tús an Earraigh… níl tada níos deise!

Bhí mé ar mo bhealach siar go Carna an mhaidin fhuar seo agus an ghrian ag éirí.

Bhí an solas agus na radhairc, a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain, le feiceáil go cruinn.

Agus mé ag tiomáint, bhí mé ag breathnú ar lorg na gréine ar an bhfarraige thíos in aice leis an seanchéibh.

Bhí orm mo chairrín a phairceáil agus siúl i dtreo an radhairc.

Taitníonn an pictiúr seo go mór liom – an dá churach suite san uisce ciúin agus an ghrian ag múscailt dhraíocht na háite – Conamara álainn!

  • colleensacelt

    Go hiontach! Is breá liom iad uilig.