Trí Shúile Shiobháin Ní Chíobháin
an chéad, an dara agus an tríú baile

Sa mhír seo breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.

Is bean ildánach í Siobhán Ní Chíobháin a bhíonn ag obair sna meáin agus atá ag cur fúithi i Nua-Eabhrac.

Is é an tríú baile ag Siobhán é, a d’fhág slán lena ceantar dúchais i gCiarraí agus lena saol i mBéal Feirste sular bhog sí anonn.

Níl a fhios aici go díreach cad atá os a comhair amach, ach tá sí ag baint taitneamh as an turas agus as an uile iontas atá ag teacht a treo.


Mo bhaile

tra

Rugadh agus tógadh mé ar an Muiríoch, taobh amuigh den Daingean.

Seo Trá na Muirí, in aice thigh mo thuismitheoirí.

Is í an áit is deise ar domhan í.

Is é mo bhaile domsa é.

Pé áit a dtéim timpeall an domhain, is í seo an áit atá gar do mo chroí.

Má thiteann an tóin as gach rud i mo shaol, seo an áit a bhfaighim suaimhneas.

Cuan síochána is ea é agus an áit is mó maitheasa do m’anam.

Anois, dá mbeadh an aimsir níos fearr ann… ach sin scéal eile.


An Tarna Baile

siobhan bf

Chaith mé 9 mbliana ag maireachtaint i mBéal Feirste.

Is é Béal Feirste an tarna baile atá agam.

Ba dheacair dom pictiúr a roghnú a léireodh an saol a bhí agam ann.

Bhí an-am agam ag maireachtaint sa chathair cois cuain: cairde, obair, dul amach, na cóisirí ar fad a bhí againn sa teach.

Tá mé lán de ghrá don tarna baile agam.

Ins an phictiúr seo, tá mé i mo sheasamh le teastas a bronnadh orm tar éis dom 6 bliana a chaitheamh ag obair go deonach leis na Samáraigh.

Tá mé chomh bródúil as an obair a dhein mé leo.

Ní raibh sé éasca.

Bhíos ag obair tríd an oíche, ag an deireadh seachtaine, tar éis lá fada oibre, ach bhí an obair a dhein mé an-tábhachtach.

Bhí mé in ann tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhí ag fulaingt agus i dtrioblóid, daoine a bhí in ísle brí, daoine a bhí ag smaoineamh ar lámh a chur ina mbás féin.

Chabhraigh an obair seo liom éisteacht níos fearr, a bheith i mo chara níos fearr, a bheith ábalta tacaíocht a thabhairt do dhaoine.

Chomh maith leis sin, réitigh mé go maith leis na hoibrithe deonacha a bhí ag obair liom.

Ba mhór an phribhléid obair taobh le roinnt de na daoine is deise dár casadh orm riamh.


An baile i láthair na huaire

siobhan

Bhog mé go Nua-Eabhrac i mí Dheireadh Fómhair.

Seo mé ag siúl trasna Dhroichead Brooklyn.

Is breá liom an pictiúr seo.

Thóg mo chara Andrea é i ngan fhios dom.

Is é seo an baile nua atá agam.

Tá mé ag siúl i dtreo Manhattan.

Níl a fhios agam cad go díreach atá os mo chomhair, ach táim ag baint taitneamh as an turas agus ag súil leis an uile iontas atá ag teacht i mo threo-sa.

Is áit iontach í Nua-Eabhrac, lán le daoine, deiseanna agus píotsa den scoth.

Uaireanta bíonn sé deacair; cronaím mo chéad bhaile, an Mhuiríoch, agus mo theaghlach, agus uaireanta eile, bím uaigneach i ndiaidh an tarna baile, Béal Feirste, agus na gcairde atá agam ansin.

Ach tá an cinneadh déanta agam.

Is i Nua-Eabhrac atá mo shaol faoi láthair, agus nach orm atá an t-ádh!

Ní bheinn anseo gan an méid a d’fhoghlaim mé ar an Muiríoch agus i mBéal Feirste.

Mhúin siad féinmhuinín dom, agus gan sin ní bheinn ábalta a bheith anseo, ag spraoi san Úll Mór.